Comhrá le Caribou
Labhraíonn an cumadóir clúiteach le Ben Ó Faoláin

Cad é mar bhliain a bhí ag Dan Snaith, aka Caribou, in 2014. Bhain a seachtú albam, ‘Our Love’, #8 amach i gcairt na n-albam agus ainmníodh dj-meascán Snaith do chlár Essential Mix Pete Tong mar Essential Mix na Bliana. Labhair Dan Snaith le Ben Ó Faoláin mar gheall ar an bpróiseas cruthaitheach, grá agus snagcheol spioradálta.


BÓF: An raibh sé deacair tús a chur le ‘Our Love’ a thaifeadadh tar éis gur éirigh chomh maith sin leis an albam a tháinig roimhe, ‘Swim’ (2010)?

DS: A mhalairt. Toisc go bhfuilim á dhéanamh seo chomh fada seo anois – albam uimhir a sé uaim ab ea ‘Swim’ – tá méid áirithe féinmhuiníne agam.

Domsa, ba cheirnín ar leith é ‘Swim’, is b’ábhar iontais dom go ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin ar an oiread sin daoine. Ghlac mé leis mar vóta muiníne. Bhí difríocht ann ó thaobh sprioc an cheoil i gcás ‘Our Love’ dá bharr.

Cheana agus mé sa stiúideo ní bheinn ach ag iarraidh mé féin a shásamh. Is daoine cosúil liom féin, ar an aois chéanna agus a raibh spéis sa saghas céanna ceoil liom acu, a bhí ag ceannach cheirníní Caribou.

Ach tar éis dom casadh leis an oiread sin daoine ag na seónna beo agus ar líne ó eisíodh ‘Swim’, tuigim go bhfuil an-éagsúlacht daoine anois ag éisteacht le mo chuid ceoil. Is iontach an rud mar a thaistilíonn ceol tar éis duit é a chur amach ansin.

BÓF: Liricí dáiríre fé anbhroidí an tsaoil a bhfuil le clos ar ‘Our Love’. Cad is cúis leis an athrú seo ó theibíocht amhráin mar ‘Yeti’?

DS: Cheana, bhí fonn orm bheith ag amhránaíocht ar mo chuid ceirníní ach ní rabhas compordach nó féinmhuiníneach faoi. Bhraitheas nach raibh aon rud le rá agam.

Is é ‘Andorra’ an t-albam deireanach nach raibh baint phearsanta ag na liricí ann liom. Ag féachaint siar ar ‘Andorra’ agus ar na halbaim a tháinig roimhe, tá na liricí ar nós strainséara i bportráid teaghlaigh – níl gaol acu liom, cén fáth a bhfuil siad ann?!

Cé go bhfuil gnéithe eile des na ceirníní sin a thugann sásamh dom bhí fonn orm é sin a athrú, cinnte.

BÓF: Tá ráite agat cheana go ndéanann tú iarracht clíséanna a sheachaint agus ceol don urlár rince á léiriú agat faoin ainm cleite Daphni. Anois agus tú ag plé le liricí faoin ngrá agus mothúcháin an duine, an bhfuil sé deacair clíséanna de shaghas eile a sheachaint?

DS: Tá, agus nílim cinnte go bhfuil éirithe liom.

Níl téama ann a bhfuil níos mó clíséanna ag baint leis ná téama an ghrá, ach is é an téama is tábhachtaí do gach duine. Ró-mhinic sa phopcheol agus sa phopchultúr léirítear an grá mar rud fíor-shimplí, ar nós síscéil de chuid Walt Disney.

De réir mo thaithí féin ag an bpointe seo de mo shaol – tá páiste óg agam, tá mo thuismitheoirí ag dul in aois, tá cairde pósta de mo chuid ag dealú – tá an grá i bhfad níos casta ná sin.

Bíonn sonas agus brón taobh le taobh ann i gcónaí. Bíodh do chéile, do chairde, do ghaolta nó do pháistí i gceist, tá an caidreamh grá ag athrú an t-am ar fad, is bíonn comhghéilleadh éigin i gcónaí i gceist.

Ar bhealach éigin – agus níl úrscéal á scríobh agam – bhí fonn orm an oiread den chastacht sin is a bhí mé in ann a chur trasna i bhformáid réasúnta gonta an amhráin.

Ní sna liricí amháin ach in inneach an cheoil chomh maith, cé, b’fhéidir, gur rud pearsanta é sin.

caribou - aghaidh

BÓF: Is muid ag caint ar fhormáidí, le theacht na ré digití níl na srianta ama a bhain le formáidí mar an ceirnín agus an dlúthdhiosca ann a thuilleadh. Cén fáth, meas tú, nach bhfuil albaim a bhfuil cúig nó deich n-uaire an chloig ar fhad á eisiúint ag ceoltóirí?

DS: Ha ha! D’eisigh DJ Sprinkles (Terre Thaemlitz) albam a bhí ar an bhfad is faide a cheadaíonn formáid an mp3, 14 an chloig nó mar sin (Eag. – 32 uair an chloig a bhfuil ann, ar chárta SD16GB)!

Ach is saghas dineasáir mise, táim ró-thógtha le binneas ceoil – ceol séiseach, harmóintí agus rithim – le bheith fíor-avant-garde. Is dócha nach bhfuil i gceist ach riochtú cultúrtha, toisc go bhfuil taithí againn ar albaim a bhfuil fad áirithe i gceist leo, ach tá na halbaim ar fad is giorra de mo chroí 40 nó 50 nóiméad ar fhad.

BÓF: Ba mhinic amhráin Nusrat Fateh Ali Khan, laoch cheol qawwali na Pacastáine, breis agus fiche nóiméad ar fhad. Nach mbeadh sé spéisiúil dá mbeadh poirt leath uair a chloig ar fhad le clos ó léiritheoirí house agus techno, leithéidí Theo Parrish?

DS: Nuair a bhí ‘Swim’ á léiriú agam bhí spéis agam sa saghas sin smaoinimh – port mór fada leathuair an chloig ar fhad, is gan faic ag tarlú ann!

Bíonn Ricardo Villalobos ag gabháilt rianta móra fada techno. Ach i gcás ‘Our Love’ bhí fonn orm ceirnín a léiriú a bhéarfadh ar an éisteoir ar an bpointe.

É sin ráite, tá sé de nós agam casadh ar feadh naoi n-uaire an chloig is mé ag dioscmharcaíocht sna clubanna – is dóigh liom go bhfuil ciall le seit fada i gcomhthéacs oíche caite ar an urlár rince.

N’fheadar an dtarlóidh sé riamh, ach bhí spéis agam tráth den saol ensemble comhoibríoch ceoil a bhunú chun seó beo a chur ar an stáitse a leanfadh ar aghaidh ar feadh 24 uair gan stad.

BÓF: Saothar comhoibríoch é ‘Our Love’. Ní minic ceol Caribou chomh dúshlánach leis an mbailéad R&B ar sceabha, ‘Second Chance’, a chuiris le chéile le Jessy Lanza?

DS: Nuair a dheineas ceol uirlise ‘Second Chance’ a chumadh sa stiúideo ar dtús ní raibh tuairim agam cad a bheadh ann – amhrán nó lúibín beag in áit éigin ar an albam.

Port R&B é gan aon bhuille de dhruma ann go dtí na deich soicind deireanacha, blas My Bloody Valentine ar an nglór sintéiseora a chuirfeadh saghas masmais ort.

Chuireas cóip go Jessy is tháinig sí ar ais chugam le liricí agus fonn mór i stíl popamhráin, rud nach rabhas ag súil leis in aon chor! Luach na comhoibre, domsa, ná go dtagann ceoltóirí le chéile a bhfuil léamh éagsúil ar chúrsaí ceoil acu.

Is ceann dos na rianta is mó a thugann sásamh dom ar ‘Our Love’ é ‘Second Chance’ toisc go bhfuil sin i gceist – tá mo stíl féin agus stíl Jessy le clos ann.

Ní dóigh liom go bhfuil an meascán áirithe sin de stíleanna le clos taobh le taobh ar aon cheirnín léirithe ag éinne eile.

BÓF: Bhís an-tógtha le snagcheol spioradálta is tú i d’fhichidí. An bhfuil aon spéis agat i snagcheol spioradálta na linne seo, leithéid Matthew Halsall, Nat Birchall agus The Gondwana Orchestra?

DS: Cé nach bhfuil aon chur amach agam ar an stuif comhaimseartha úd, tá an snagcheol spioradálta Meiriceánach ó dheireadh na seascaidí go tús na seachtóidí ar an gceol is ansa liom ar an saol seo. Leithéidí Alice Coltrane agus Pharoah Sanders agus mar sin de.

Ach níl spéis agam sa treo inar bhog an ceol tar éis sin, tobchumadh gan srian snagcheoltóirí na hEorpa, abair.

Arís, is dócha go bhfuilim ró-thógtha le ceol séiseach, le harmóintí agus le rithim!