Curiarracht idirlín briste ag ‘Despacito’
An traic ag #1 ar an liosta sruthaithe

Is é ‘Despacito’ le Luis Fonsi an t-amhrán is mó a sruthaíodh ar líne riamh, díreach sé mhí tar éis a eisiúna.

Seinneadh an singil mórdhíola breis agus 4.6 billiún uair ar gach seirbhís sruthaithe ó seoladh é i mí Eanáir agus anois tá uimhir a haon ar an liosta idirlín bainte amach aige, ag cur ‘Sorry’ le Justin Bieber isteach sa dara háit.

Amhrán pop Laidineach é ‘Despacito’ a dhéanann cur síos ar chaidreamh gnéis agus atá scríofa ag an amhránaí as Pórtó Ríce, Luis Fonsi, agus ina gceolann an rapálaí Daddy Yankee.

Bhuail an traic uimhir a haon sna cairteacha in 35 tír, Éire san áireamh, an chéad amhrán Spáinnise lena leithéid a dhéanamh riamh.

Chuaigh ‘Despacito’ – a chiallaíonn ‘go mall’ – go mór i bhfeidhm ar dhaltaí Choláiste Lurgan i gConamara fosta ar ndóigh a rinne a leagan féin den amhrán dar teideal ‘I Do Dhiaidh Chomh’.

Le 680,000 radharc ar Youtube, tá an t-aistriúchán Gaeilge seo ar an amhrán is mó atá déanta ag an choláiste ón leagan a rinne siad de ‘Hello’ Adele i mí Mheán Fómhair anuraidh.

Tá an leagan Gaeilge de ‘Wake Me Up’ le Avicii, a foilsíodh ar líne i samhradh 2013, fós ar an amhrán is rathúla de chuid an Choláiste le breis agus 5.7 milliún radharc.

  • PólÓ

    Tá sé tóir ar an ardáin na staidiam sacair ar fud an domhain mar gheall ar an lucht tacaíochta na San Lorenzo san Airgintín.