‘Dallta ag na Soilse’ – leagan Gaeilge d’amhrán The Weeknd eisithe ag Seo Linn

Tá leagan nua Gaeilge den amhrán ‘Blinding Lights’ leis an mbanna ceoil The Weeknd curtha amach ag Seo Linn. Bhí buachaillí Sheo Linn sáinnithe sa mbaile, mar a bhí an chuid eile den tír, le linn phaindéim Covid-19 agus thapaigh siad an deis leagan Gaeilge den amhrán a scríobh agus a thaifeadadh.