Début, díleáite
Ó Tusks rómhilis rómhaoithneach

Tusks – ‘Dissolve’


Dá mheasfá an chéad amhrán (‘For You’) ar albam début Emily Underhill (Tusks) as Hastings, Sasana mar dhea-thuar ar an gcuid eile den saothar, bheadh dul amú ort.

Nochtann fuaim mhilis-ach-dorcha ‘For You’ léirthuiscint Underhill ar cheol James Blake agus Sigur Rós ach tá an formhór eile de Dissolve rómhór faoi dhraíocht luathcheol The Xx.

Déanann Underhill aithris chumasach ar stíl amhránaíochta Romy Madley ón ngrúpa úd, in áiteanna, ach don gcuid is mó tá an mhuinín chiall-cheannaithe a shamhlófá le cur i láthair Madley in easnamh.

Gné luachmhar de cheol The Xx, gan dabht, ná an fhoirfeacht lena réitíonn Madley agus a comhamhránaí fireann, Oliver Sim, lena chéile.

Níl a leithéid de chorraíl idirphearsanta ná codarsnacht gutha le clos ar Dissolve, agus cé gur amhráin mhaithe iad ‘False’ agus ‘Last’ nílid ar comhchéim, ná leath chomh hinchreidte, le ‘Islands’ agus ‘VCR’ le The Xx.

Fiú agus Underhill le moladh as iarracht a dhéanamh stíl a cuid ceoil a stiúradh i dtreo spáis níos fairsinge ná bunfhuaim The Xx, ní éiríonn léi gaistí an rómhaoithneachais a sheachaint minic a dhóthain.

Tá blas an seachtú crosáin ar an mbailéad grá ‘Ivy’, go háirithe, de dheasca pianó rómhilis agus liricí leamha Underhill.

Tháinig díleá ar mo spéis in Dissolve sara raibh an leathchuid de cloiste agam, le fírinne.

Ba bheag an chabhair aon athéisteacht chun mo shuim a spreagadh in athuair.


Tá ‘Dissolve’ á eisiúint inniu.