Dorchadas an Gheimhridh
le brath ar an eisiúint is déanaí le Moon Duo

Is as San Francisco ach lonnaithe i bpríomhchathair na hiopstarachaí sna Stáit Aontaithe, Portland, iad Sanae Yamada (sintéiseoir/amhránaí) agus Ripley Johnson (giotár/amhránaí) Moon Duo.

Ar nós an díséid indie Beach House, as Baltimore, ní thagann athrú rómhór ar cheol Moon Duo ó albam go halbam.

Ní cúis é sin neamhaird a thabhairt ar an albam is déanaí leo Occult Architecture Vol. 1, áfach.

Tá blianta caite ag Beach House a bheith ag lúbadh cheol Brian Wilson, Cocteau Twins agus Nico i gcruthanna nua, ach is é saothar saoil Moon Duo a bhfuaim fhuinniúil, shícideileachféin a thógaint agus a rogha gnéithe de cheol ó réanna eile, idir stíl thionsclaíoch Suicide, krautrock leithéidí Neu, agus proto-punk Iggy Pop & The Stooges.

An rud a dhéantar, déantar go maith é, agus an rud sin ná amhráin shimplí dhá chorda a bhfuil fuinneamh mealltach hiopnóiseach leo a leanann ar aghaidh is ar aghaidh.

Is féidir brath ar Johnson sceardanna móra giotáir (seinnte trí throitheáin éagsúla in aon amhrán amháin, go minic) a leagan anuas ar rifeanna móra meicniúla sintéiseora Yamada.

Munar leor teideal an albaim mar leid go bhfuil dath níos dorcha ar cheol Occult Architecture Vol. 1 ná aon rud eile atá cloiste againn ó Moon Duo go dtí seo, caith súil ar theidil na n-amhrán: ‘Cold Fear’, ‘Will of the Devil’, ‘Cult of Moloch’.

Amhráin iad seo faoi dhorchadas agus fuacht an Gheimhridh, meon an díthreabhaigh uaignigh uirbigh, agus adhradh págánach.

Ní mór tumadh san albam go domhain is go minic – nochtann ceol Moon Duo a dhraíocht le hathéisteacht.

Dealraíonn sé go mbeidh blas níos milse ar Occult Architecture Vol. 2, a bheidh linn amach sa Samhradh.

Beidh le feiscint an mbeidh taobh geal na ré ceoil seo chomh mealltach leis an taobh dorcha.