Éist leis an tséis is sine ar domhan
atá breis agus 3,400 bliain d'aois!


Le blianta beaga anuas tá an tSiria sa nuacht ar chúiseanna diúltacha, ach tá stair ársa shaibhir ag an chuid sin den domhan a théann siar na mílte bliain.

Ceann de sheoda stairiúla an cheantair ná táibléid chré de chuid na Hurrach, dream daoine a chónaigh sa Mheánoirthear le linn aois na cré-umha.

Scríofa i script dhingchruthach Úgairít (sean-chathair ar chósta thuaidh na Siria), léiríonn táibléad amháin iomann ar leith – idir an tséis (melody) agus na focail – a chiallaíonn go bhfuil sé ar an amhrán is sine a bhfuil eolas air ar domhan.

hurrian-hymn

Scríobhadh an táibléad – atá tiomnaithe do bhandia na Hurrach, Nikkal – timpeall 1,400 bliain RC agus tháinig seandálaithe air arís sna 1950í.

Tá sé anois á choinneáil in Iarsmalann Náisiúnta Damascus.

Insíonn sé conas gur chóir an port a sheinm ar an lir, ag míniú na spásanna idir na nótaí ceoil, mar atá déanta san fhíseán seo thuas ag an cheoltóir Sasanach Michael Levy.

Suigh siar agus éist le ceann d’iontais an chine dhaonna!