Étiquette an tseisiúin cheoil
Suirbhé faoin dinimic idir cheoltóirí traidisiúnta

Tá breis agus míle duine, as Éirinn agus thar sáile, tar éis suirbhé cuimsitheach a líonadh isteach faoi ghnásanna an tseisiúin cheoil thraidisiúnta.

Iarracht atá sa suirbhé tuairimí a bhailiú faoi na béasa lena mbíonn daoine ag súil, nó a mhalairt, nuair a thagann ceoltóirí le chéile le seinm.

Fear an chonsairtín, Cormac Ó Beaglaoich (thíos), atá ag reáchtáil an tsuirbhé agus é mar chuid de shraith cheistneoirí a bheas á cur le chéile aige a dhíríonn ar an cheol.

“Seachas mo thuairim féin amháin a bheith agam, ba dheas liom tuairimí gach éinne a fháil ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an gceol agus tuiscint a fháil ar cad a cheapann fórmhór na ndaoine,” ar seisean.

Tá Cormac ag seinm le blianta i seisiúin cheoil agus suim aige “sa dinimic” a bhíonn i gceist leis an gceol.

“Áit iontach é an seisiún le bualadh le daoine, le ceol a sheinm, le ceol a fhoghlaim agus ceol a roinnt,” ar sé.

“Is dóigh liom go dtagann daoine chuig seisiún ar chúiseanna éagsúla agus go mbíonn siad ag súil le rudaí difriúla a fháil uathu.

“Idir ceoltóirí agus éisteoirí, ceoltóirí agus ceoltóirí eile, ceoltóirí agus an dream atá ag obair sa bhéar, bíonn teannas ag eascairt as an-chuid rudaí.”

58 ceist atá sa suirbhé ar fad, a chuimsíonn gach gné den seisiún ó bhualadh bos go luas ceoil an tseisiúin, cumas ceoltóirí agus úsáid an fhóin ghlic.

“Taighde turgnamhach” atá ann, dar le Cormac, agus tá sé i gceist aige blag a thosnú amach anseo ina mbeidh torthaí an cheistneora á bplé.

“N’fheadar ar cheart go mbeadh rialacha ann in aon chor mar seans go gcuirfeadh sé srian ar chúrsaí ach ba dheas liom go dtosnódh comhrá mar gheall air.”

Beidh an suirbhé á reáchtáil ar feadh seachtaine eile agus is féidir é a líonadh anseo.