Feachtas slua-mhaoinithe tosaithe ag Kneecap!

Ag teacht sna sála ar an oíche mhór a bhí acu ag Gradaim NÓS breis agus seachtain ó shin, tá feachtas nua seolta ag an bhanna Kneecap chun tuilleadh amhrán greamúil gáirsiúil a chur os comhair an phobail.

Chuir na Feirstigh ardghlóracha tús le leathanach slua-mhaoinithe thar an deireadh seachtaine chun £2,500 a bhailiú le trí amhrán nua a thaifeadadh agus cheana féin tá níos mó ná 50% den sprioc sin bailithe acu.

Beidh na hamhráin, agus na físeáin a rachaidh leo, sa stíl chéanna leis an ‘C.E.A.R.T.A.’ móréilimh a thuill dhá dhuais dóibh ag Gradaim NÓS 2018.

“Tá muid ar bís le cúpla amhrán agus físeán eile a thaifeadadh ach níl an diabhal airgead againn lena dhéanamh,” arsa Móglaí Bap.

“Má éiríonn linn £2,500 a bhaint amach, beidh trí amhrán nua – mar aon le físeáin – againn daoibh roimh mhí na Bealtaine, agus beidh siad focan class.

“Geallann muid go mbeidh gach amhrán chomh conspóideach lena chéile agus nach mbeidh cead ag aon cheann acu bheith 2FM go deo!”

Tá sé i gceist ag Kneecap seinm ag roinnt féilte ar fud na tíre le linn an tsamhraidh agus tá súil acu go mbeidh na tiúineanna nua mar dhlúthchuid dá seit faoin am sin.

Is féidir tacú lena bhfeachtas, agus le fás an nuacheoil Ghaeilge, anseo.