Fidléir Londan Claire Egan
& a halbam nua aonair!

Fidléir óg í Claire Egan a d’fhás aníos i gcathair cheolmhar Londan agus a bhfuil albam aonair nua ‘Turning Tides’ seolta aici ar na mallaibh. Labhair sí linn faoi.


Ón chéad éisteacht, a tháinig chugam beagnach bliain ó shin i bhfoirm físe ar Facebook agus í mbun taifeadta sa stiúideo, bhí mé ag súil go mór leis an eisiúint seo ón fhidléir óg Claire Egan.

Níor ligeadh síos mé.

Bailiúchán 15 rian é Turning Tides de cheol mealltach mothálach a bhfuil fidléireacht fhuinniúil go smior ann, daite le hornáidíocht chruinn agus frasaíocht den scoth nach ngeallann riamh don rithim.

Début álainn é ón cheoltóir seo as Londain, taifeadta ag Raelach Records, lipéad óg atá ag cruthú le gach eisiúint leo go bhfuil an-tuiscint acu ar an cheol, mar aon le sárchumas léirithe.

Is albam é go deimhin a chuirfeá ar siúl go mion agus go minic, a bhfuil meascán breá de ríleanna, poirt, masúrcaí, cornphíopaí agus fonn mall le cloisteáil air, á thionlacan ag léiritheoir Raelach Records Jack Talty ar an phianó, Mick Conneely ar an bhasúcaí agus deirfiúr le Claire, Sinéad, ar an ghiotár.

Tagann tréithe den stíl fidléireachta ghlé a shamhlaítear le fidléirí Londan fríd i gceol Claire, rud a tháinig go nádúrtha chuici agus í sáite i saol ceoil na cathrach nuair a bhí sí óg.

Ag labhairt di le NÓS, dúirt Claire go raibh “an t-ádh dearg” uirthi a bheith ag seinm go rialta le laochra móra ceoil as Éirinn a bhí ar imirce, macasamhla Brian Rooney, Danny Meehan, Finbar Dwyer agus Brendan Mulkere.

An t-am sin, nuair a bhí Claire ag tosú amach ag seinm go poiblí, bhí pobal breá Gaelach thall i Londain a raibh a tuismitheoirí féin – as iarthar na hÉireann – páirteach ann agus bhailídís le chéile go rialta san Auld Triangle, The Favourite agus The White Harte agus corr-theach tábhairne eile a raibh a ainm in airde aige mar gheall ar an cheol traidisiúnta.

“Bhí beocht agus saibhreas dochreidte ann ach ní amháin sin bhí cairdeas ann,” arsa Claire.

“Daoine lán de phaisean don cheol, don saol, do scéalta agus don tsamhlaíocht iad agus d’imir a gcroíthe móra an-tionchar orm.”

Aithníonn Claire go bhfuair sí spreagadh mór leanúint leis an cheol óna múinteoir fidle Brendan Mulkere, as tuaisceart an Chláir ó dhúchas.

“Ba gheall le club óige iad na ranganna le Brendan agus d’éirigh leis spás spraíúil tarraingteach a chothú thart ar an cheol a chuaigh i bhfeidhm orainn ar fad a bhí ag foghlaim uaidh,” ar sí.

Cé go n-aithníonn an fidléir óg go ndeachaigh na ceoltóirí a bhí mórthimpeall uirthi go mór i gcion uirthi agus ar a cuid ceoil, tá drogall uirthi mórán suntais a thabhairt dá leithéid de rud agus ‘stíl cheoil Londan’.

“Tá stíleanna an-éagsúla ag ceoltóirí a d’eascair ón ‘scene’ i Londain,” arsa sí.

“Tá miontréithe agus gnéithe den cheol atá cosúil lena chéile ach measaim gur tháinig mé ar mo chuid ceoil féin de réir a chéile agus mé ag éisteacht le stíleanna difriúla.”

“Ceapaim gur aimsigh mé mo ghlór ceolmhar féin agus gurb é an duine a chothaíonn an ceol, ní a mhalairt.”


Beidh ceolchoirm sheolta ag Claire in ionad ceoil Micheal Coleman i Sligeach ar 12 Nollaig agus arís ag Scoil Cheoil an Earraigh ar 19 Feabhra. Idir an dá linn seans go bhfeicfeá í i mbun ceoil i gcúinne i dTigh Neachtain i nGaillimh! Tuilleadh eolais faoin albam anseo.

Bainigí sult as an dá ríl ‘Curly Mike agus An Carrach Rua’, an chéad rian ar ‘Turning Tides’! Hup!