Filleadh neamhiomlán na Chemical Brothers
'Born In The Echoes'

“Braithim go bhfuil an groove imithe as ceol na gclubanna faoi láthair, níl James Brown le clos ann níos mó,” a deir Tom Rowland The Chemical Brothers i bpreasráiteas Born On The Echoes.

“Tá fuaim ró-ramhar, creathnach, láidir ar go leor a chloisim,” arsa Tom, “tá sé ar nós iomaíocht armtha.”

Is íorónta an ráiteas é mar is trí aidiacht iad sin a roghnófá riamh chun cur síos ar cheol The Chemical Brothers: ramhar, creathnach, láidir.

Born In The Echoes ar an gcéad albam eisithe ag na deartháireacha ceimiceacha ón bhliain 2011, is tuigtear ó fhoireann phreasa Virgin go bhfuil an t-albam ar an instealladh dainséir atá ag teastáil chun ceol na gclubanna a chroitheadh as a thámhnéal.

Ceirnín, de réir dealraimh, atá go mór faoi chomaoin ag na meascáin agus edits amha próta-house a léirigh an dj seamhnach Ron Hardy i Chicago na 80í.

Ach ní sin a chloisim (ar aon nós, táim den dtuairim go bhfuil ceol na gclub chomh sláintiúil is a bhí riamh ach an grán a scaradh ón cháith).

Cloisim an saghas céanna meascán stíleanna ar Born In The Echoes is a bhain riamh le fadcheirníní The Chemical Brothers.

Pop-shingil folúil don raidió FM agus is an dioscó araon?

Éist leis an ‘Go’ iontach i dteannta Q-Tip.

Dornán amhrán comhléirithe le snas i dteannta rogha amhránaithe indie Tom & Ed?

Táid ann i bhfoirm an ‘Under Neon Lights’ fuarspreosach (le St. Vincent), indie-house leamh ‘Wide Open’ (le Beck), punk-funk taibhsiúil ‘Born In The Echoes’ (le Cate le Bon) agus an ‘EML Ritual’ tréan, loiscneach (le Ali Love).

Port mall uait dos na huaireanta lionn dubha sin a leanann ainriantas an deireadh seachtaine?

Tá ‘Radiate’ ar an saghas aoibhnis indírithe a shamhlófá a bheith mar thoradh ar lá caite sa stiúideo i bhfochair a chéile ag Jason Pierce (Spiritualized), Karl Hyde (Underworld) agus Wayne Coyne (Flaming Lips).

Ach tá rud éigin amú.

Tá ceol breá anseo, ach tá na cleasanna is fearr a bhaineann leis cloiste againn ó The Chemical Brothers cheana.

Bhain cuid mhaith de dhraíocht luath-cheol an díséid lena slad easurramach ar fhunc-cheol na 70í agus hip hop na 80í agus iad ar thóir samplaí.

Laigeacht Born In The Echoes ná go gcloisimid anois Tom agus Ed ag lorg inspioráide ina n-iar-chatalóg féin.

Ní féidir gan macallaí dá scoth-singil ‘Setting Son’ (1997) i dteannta Noel Gallagher a chlos is tú ag éisteacht le réabadh aoibhinn na ndrumaí ar ‘I’ll See You There’, nó leis na nótaí lúbtha ar ruathar ‘Reflexion’.

Echoes maith gan a bheith gar de riachtanach.