FÍSEÁN ÚRNUA: An Dreoilín
Féach ar a thuras trastíre!


Is fonn, agus damhsa, é atá ar eolas ag gach iníon agus mac máthar a chaith tréimhse ar chúrsa Gaeltachta le 20 bliain anuas.

Eisithe ag Seán Monaghan siar sa bhliain 1995, bhuaigh a amhrán spleodrach ‘An Dreoilín’ Réalta 95, comórtas a reáchtáil Raidió na Gaeltachta chun iontráil Ghaeilge a roghnú le dul san iomaíocht d’amhrán oifigiúil na hÉireann don Eurovision.

Níorbh fhada go raibh an t-amhrán á chasadh go forleathan ar fud na tíre agus damhsa curtha leis sna coláistí samhraidh Gaeltachta.

Ó shin i leith tá na céadta míle dalta tar éis rince in éineacht leis ‘An Dreoilín’ agus anois tá damhsóir úrnua i ndiaidh a chuid coiscéimeanna a chur leis, mar atá an Dreoilín féin!

“Amhrán íocónach é ‘An Dreoilín’ a aithneoidh aon duine a bhí ar chúrsa Gaeltachta le glúin anuas agus shíl muid go raibh sé thar am físeán ar leith a thaifeadadh dó,” arsa Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS.

“Bhí an-spraoi againn ag taisteal ar fud na tíre ag scannánú an fhíseáin agus tá muid iontach buíoch de gach duine a bhí páirteach ann, go háirithe Seán Monaghan féin a chum an t-amhrán.

“Bhí ríméad ar Sheán gur chas sé leis an Dreoilín sa deireadh!”

Seo an físeán deireanach sa tsraith reatha a bhí maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Tá NÓS ag pleanáil tuilleadh físeán agus beidh muid ar ais gan mhoill le heisiúint úrnua.

An Dreoilín abú!