FÍSEÁN: Blaiseadh de Ghradaim Cheoil NÓS 2017


Tá na gradaim bronnta agus na hamhráin ceolta ach má chaill sibh amach ar Ghradaim Cheoil NÓS 2017, ná bígí buartha!

Anseo thuas tá físeán a thugann blaiseadh den oíche agus a thaispeánann na buaiteoirí uilig sna seacht rannóg.

Buíochas lenár gcairde sa chomhlacht léiriúcháin Macalla a chuir an achoimre le chéile.

Bhí an Sugar Club i mBÁC lán Dé hAoine seo caite agus tá gach duine a bhí i láthair cheana féin ag súil le Gradaim 2o18!

Tá grianghraif bhreise, agus liosta iomlán na mbuaiteoirí, le fáil anseo.

An Gaelcheol abú!