Físeán: Cathal Banjo
Albam ar na bacáin ag fear óg Ghaoth Dobhair


Tá steall nach beag déanta ag Cathal Ó Curráin i saol an cheoil Ghaelaigh le tamall anuas.

Ceoltóir leis an ghrúpa An Crann Óg i nGaoth Dobhair, tá an déagóir cumasach seo ag seinm ó bhí sé ina ghasúr ach tháinig sé go mór faoin spotsolas anuraidh lena amhrán greamúil, ‘Anois Tá Mé Liom Féin’.

Ceann de chnaga na bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é an tiúin a scríobh agus a chum sé féin agus anois tá físeán eisithe aige chun scéal an amhráin a mhíniú agus tuilleadh éisteoirí a mhealladh:

Cuirfidh sé áthas ar a lucht leanúna a chluinstin fosta go bhfuil Cathal ag obair ar a dhlúthdhiosca féin, mar aon le halbam leis An Crann Óg, agus beidh sé le feiceáil ag Scléip Gael Linn – comórtas spreagúil tallainne d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge – i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo.

Tuilleadh eolais faoin chomórtas anseo.

Coinnigh súil amach do Chathal ‘Banjo’ agus dá chairde i bhféilte ar fud na hÉireann le linn na bliana amach romhainn. Foilseofar sonraí ar a leathanach Facebook.

“Ba mhinic a bhí mé in éineacht mo ghrá…”