FÍSEÁN CEOIL: ‘Go Deo, Go Deo’
leis an mbanna IMLÉ


Tá físeán úrnua ceoil á eisiúint ag NÓS inniu den bhanna ceannródaíoch Gaeilge, IMLÉ, agus iad ag canadh a n-amhráin álainn, ‘Go Deo, Go Deo’.

Bhuaigh IMLÉ ‘Amhrán na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Banna na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2017 agus mar chuid den duais bhí deis acu físeán ceoil a léiriú in éineacht linn.

Roghnaíodh an traic aoibhinn ‘Go Deo, Go Deo’ agus tá an toradh le feiceáil anseo thuas.

Scannánaíodh an físeán i gContae an Dúin agus ba iad Angus Mitchell a stiúir agus Gráinne Holland a léirigh.

“Bhí sé go hiontach a bheith ag obair le IMLÉ ar an fhíseán seo,” arsa Gráinne.

“Is grúpa ar leith iad atá ag dul ó neart go neart agus tá muidne i NÓS an-sásta go bhfuil muid in ann tacú ar an dóigh seo le bannaí nua Gaeilge atá ag teacht chun tosaigh.”

D’eisigh IMLÉ a n-albam début ar lipéad Gael Linn anuraidh agus tá sé le fáil anseo.

Is é an Ciste Craoltóireachta Gaeilge a chuir an maoiniú ar fáil don tsraith físeán atá á foilsiú ag NÓS faoi láthair – coinnigh súil amach do níos mó sna seachtainí amach romhainn!


Liricí: Go Deo, Go Deo

Fear le bród ‘is anam freisin,
Ag brath ort, is ag siúl leat,
Ag troid ar son ár dtír,
Ach tá clann breá óg anseo,
ag feitheamh ort,
go deo, go deo, gan stad.

Bí liom anois,
i mo chroí i mo leaba,
ná déan dearmad air sin
is tusa fear an tí,
Bí liom anois,
m’fhear mór cróga.

Nuair a fhilleann tú,
ná bí i gcónra
níl uaigh saighdura uaim,
bí beo, bí beo, is slán.

Bí liom anois,
i mo chroí i mo leaba,
ná déan dearmad air sin
is tusa fear an tí,
Bí liom anois,
m’fhear mór cróga.