Físeán ceoil mar dhuais d’amhrán na bliana ag Gradaim NÓS 2017!


Tá sé á fhógairt againn inniu go mbeidh duais speisialta ag dul do bhuaiteoir an amhráin nua-chumtha Ghaeilge is fearr ag Gradaim Cheoil NÓS 2017.

Gheobhaidh an t-amhránaí nó an banna taobh thiar den amhrán is fearr deis iontach chun físeán ceoil a scannánú don amhrán le criú gairmiúil sa bhliain úr.

Níl ach dornán laethanta fágtha ag ceoltóirí cur isteach ar na Gradaim – a bhronnfar ag ócáid spleodrach sa Sugar Club, BÁC, i mí Eanáir – agus tá roinnt mhaith iontrálacha faighte cheana féin.

“Bhí sé mar sprioc ag NÓS ón tús spreagadh a thabhairt do dhaoine bheith ag ceol agus cumadh i nGaeilge agus sin an fáth ar chuir muid tús leis na Gradaim Cheoil anuraidh,” arsa Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise.

“Anois leis an duais iontach seo den fhíseán ceoil, tá súil againn go gcothófar tuilleadh suime sna Gradaim agus go gcuideoidh an scannán leis an bhuaiteoir a gcuid ceoil a scaipeadh.

“Buntáiste ar leith a bheadh ann don nuacheol Gaeilge dá mbeadh níos mó físeán ceoil ardchaighdeáin ann agus ba bhreá linne cabhrú leis an obair thábhachtach seo.”

Tá go dtí 30 Samhain cur isteach ar na rannóga éagsúla – tá an fhoirm iontrála le fáil anseo.

Agus tá ticéidí luatha don ócáid bhronnta sa Sugar Club ar 20 Eanáir le ceannach anois anseo chomh maith.