Físeán úrnua ag IMLÉ
le haghaidh 'Fún Orm'!


An bhfaca sibh físeán úrnua ‘Fún Orm’ le IMLÉ?

Tá físeán nua slachtmhar seolta ag an bhanna spreagúil IMLÉ le haghaidh ‘Fún Orm’, déanta ag amhránaí agus giotáraí an ghrúpa Fergal Moloney.

Ag teacht go mór le spiorad an amhráin, chuirfeadh sé fonn gluaiseachta ort go cinnte agus na leaideanna le feiceáil ann ag raiceáil agus ag rapáil leo ó thús deireadh.

Coinnigh ort ag foghlaim agus beidh tú slán an teachtaireacht is mó san amhrán, a mhínigh Pádraig ‘Muipéad’ Ó Conghaile agus é ag labhairt linn faoi ‘Fún Orm‘ níos luaithe sa bhliain.

Faoi láthair, tá IMLÉ ag gluaiseacht ar aghaidh sa stiúideo ag obair ar a gcéad albam agus muid ag bís chun cluas a thabhairt leis.

Idir an dá linn, bímis ag ceol…

Scaití ní dhéanann tú na rudaí a theastaíonn uait
mar gheall go bhfuil an iomarca imní ort go dteipfeadh ort