Fuinneamh & fisiciúlacht Fjaak
le clos ar an début breá seo

Is iad Fjaak triúr fear óg as cathair Bheirlín (Kevin Kozicki, Aaron Röbig agus Felix Wagner thuas ó chlé) a bhíonn ag cumadh cheol techno ar threalamh analógach.

Thar aon rud eile, ta cáil ar Fjaak as fuinneamh agus fisiciúlacht a seónna beo, ach más spéis leat stíl techno griotalach le buillí briste – leithéid Shed agus Modeselektor – ní mór duit cluas a thabhairt do cheol stiúideo Fjaak freisin.

Ní hamháin go bhfuil éirithe leo fuaim amh bheo a gceolchoirmeacha a ath-chruthú sa stiúideo ar Fjaak, tá forbairt stíle i gceist chomh maith.

Rianta iad ‘Wolves’, ‘Gewerbe 15’ agus ‘Fast Food’ do na clubanna techno sin ina mbíonn allas na rinceoirí ag sileadh anuas ón tsíleáil, ach nuair atá an port deiridh seinnte is iad Fjaak a bheidh fós i do cheann is tú ar do shlí abhaile.

Idir an tost iomlán sin leathshlí tríd ‘Sixteen Levels’, sula dtugtar na drumaí ar ais, an rithim thuairgneach, línte sintéiseora géara ‘Wolves’, séis chriostalach agus dord bagrach ‘Spnd Ballett’, is ceol é seo a dhéanann ort mar a dhéanfadh tonn taoide.

Ní mór duit géilleadh don anfa nó bogadh as an tslí.

É sin ráite, tá níos mó i gceist le début Fjaak ná uirlisí cogaidh don dioscmharcach techno.

Ar ‘Offline’, i dteannta Rødhåd, baintear úsáid as teicnící dub chun éadach fíneáilte a fhí as glór na gcnaguirlisí tiúnta.

Chuirfeadh sé an chuid is fearr de cheol Sabres of Paradise i gcuimhne duit, rud a bhfuil fíor i gcás ‘Das Program’ chomh maith.

Tá tionchar cheol ambient techno na 90í le clos freisin, in atmaisféar spéiriúil agus buillí eadroma ‘Snow’.

Is trua nár fhágadar an ‘Against The Clock’ leathbhruite ar leataobh.

Toradh é an píosa úd ar dhúshlán a thug an iris cheoil FACT do Fjaak píosa ceoil a chumadh in 10 nóiméad, agus an t-aon mháchail ar albam début breá.