Glór Stailceoirí Cymru
le cloisteáil ar albam nua Public Service Broadcasting

“Every little boy’s ambition in my valley was to become a miner. They were the kings of the underworld.” Richard Burton, aisteoir Breatnach.


Baineann an bheirt cheoltóirí J. Willgoose, Esq (giotár, bainseó, samplóir) agus Wrigglesworth (drumaí, méarchláir) úsáid as giotaí fuaime ó shean-scannáin fhaisnéise agus ábhar cartlainne is bolscaireachta chun, ina bhfocail féin, “sean-cheachtanna a mhúineadh trí mheán cheol na todhchaí”.

Dhein albam deireanach na beirte, The Race For Space (2015), plé ar spásrás na 20ú haoise mar shampla.

Tá Public Service Broadcasting ar ais – le ball nua, JF Abraham – agus albam, Every Valley, a dhíríonn aird an éisteora ar mheath thionscal mianadóireachta na Breataine Bige agus stailc na mianadóirí 1984-1985 go háirithe.

An ceacht, is léir, ná an díobháil a dhéantar do phobail bheaga nuair a thógtar cinntí ar chúiseanna geilleagracha amháin, agus an dearcadh polaitíochta siniciúil, faltanasach is toradh ar dhaoine bheith gan chumhacht, gan dóchas, gan obair.

Tá gluaiseacht an albaim ina pléisiúr, ó chur síos an aisteora Richard Burton ar mhór-stádas an mhianadóra tráth dá raibh atá le clos ar chéad rian (‘Every Valley’) an albaim, go samplaí de ghlór ar ‘The Pit’ a thugann miniú ar obair na mianadóireachta féin (“as the cage dropped suddenly into darkness the working morning had begun“) thar fhuaim thiomáinte post-rock, agus as sin ar aghaidh go ródhóchas ‘People Will Always Need Coal’ (“The South Wales coal field will be turning out Welsh best for a few hundred years yet!“).

Le curfá íorónach canta ag Tracyanne Campbell as an ngrúpa Albanach Camera Obcura (“I believe in progress“), tagraíonn ‘Progress’ do theacht an mheicnithe (“Machines will do the heavy work, men will supervise the machines“).

Cur síos é an ‘All Out’ cumhachtach, loiscneach ar an díospóid thionsclaíoch ba nimhní i stair na Breataine (“We went on strike for a job, the right to go out of the house in the morning and go to work“).

Déanann ‘They Gave Me A Lamp’ plé ar bhorradh an fheimineachais sa Bhreatain Bheag de dheascadh ról tacaíochta na mban le linn na stailce (“If you could get women involved in one thing they could see that there was this other life. I think a lot of women found their feet.”).

Tá caimeo idéalach James Dean Bradfield ó Manic Street Preachers ar ‘Turn No More’ ar an rud is laige anseo (is í stailc na mianadóirí ábhar mhór-amhrán an ghúpa, ‘A Design For Life’ a tháinig amach in 1996), ach tá línte Breatanaise an amhránaí Lisa Jen Brown ar ‘You + Me’ ina phléisiúr, mar aon le leagan an Beaufort Male Choir de mhór-amhrán lucht na mianadóireachta ‘Take Me Home’.

Albam neamhghnách a bhuaileann an sprioc.