Gradam Ceoil TG4 ag Máirtín O’Connor
Boscadóirí chun tosaigh ar liosta na mbuaiteoirí


Is ar an mboscadóir agus cumadóir Gaillimheach, Máirtín O’Connor, a bhronnfar Gradam Ceoil 2015.

Tá scoth cumais Mháirtín – mar cheoltóir aonair, mar bhall de ghrúpaí agus mar chumadóir – aitheanta ar fud na tíre agus thar lear, agus tá ardmheas agus gean mór air dá réir.

Tá a Ghradam Ceoil, agus duaiseoirí eile na bliana, á fhógairt ag ócáid speisialta i gcathair Chorcaí tráthnóna.

“Deis iontach é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha agus iad bailithe le chéile ar a gcompord i láthair a gcairde féin ag caint agus ag seinm,” arsa Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4.

“Is laochra náisiúnta iad a mhaisíonn agus a shaibhríonn ár n-oidhreacht luachmhar cheoil.”

gradam-ceoil-fogairt

Ina measc na mbuaiteoirí eile ar liosta na bliana seo tá:

– Píobaire bríomhar na hardchathrach, Maitiú Ó Casaide (Ceoltóir Óg);

– Banna nuálach a mheascann traidisiún na hÉireann le stíleanna eile ceoil, Ensemble Ériu (Gradam Comharcheoil);

– An fonnadóir binn as deisceart an Dúin, Roisín White (Amhránaí);

– Cláiríneach atá ina mháistir ar an mbosca ceoil le fada an lá, Bobby Gardiner (Gradam Saoil);

– Cartlann shaibhir cheoil traidisiúnta atá ag freastal ar dhaoine ó chéin is ó chóngar le tríocha bliain anuas, Taisce Cheol Dúchais Éireann (Gradam Comaoine).

Gheobhaidh na duaiseoirí duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll.

Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí agus bronnfar na duaiseanna ag coirmcheoil in Áras an Cheoldráma, Corcaigh 22 Feabhra.

Craolfar an ócáid beo ar TG4 agus is féidir ticéid a chur in áirithe ag corkoperahouse.ie.

Tá eolas iomlán faoi gach duaiseoir le fáil ar gradam.ie.


Grianghraf bairr le Con Kelleher