Gumba Fire: Bubblegum Soul & Synth Boogie in 1980s South Africa

Cad é seo, go díreach? 

Siar in 2016 d’eisigh an lipéad Soundway cnuasach dar teideal Doing It in Lagos a dhírigh ar fhuaimeanna búgaí, popcheoil agus dioscó a eisíodh sa Nigéir le linn na 1980idí. Meastar gur thit cóip de Doing It in Lagos isteach i lámha Frank Ocean, mar go gearr tar éis an cnuasach a eisiúint bhí Ocean le clos ag canadh a leagain féin de ‘Only You’ de chuid Steve Monite mar chuid dá sheit beo. 

Do Gumba Fire tugann úinéir lipéad Soundway, Miles Claret, faoin Afraic Theas chun a rogha seod de rianta synth-boogie agus popcheoil mhilis a d’eisigh ceoltóirí na tíre sin le linn na 1980idí a chur faoi bhráid an éisteora Eorpaigh den chéad uair. 

In ainneoin dheacrachtaí polaitiúla na hAfraice Theas le linn ré na Cinedheighilte, bhí borradh ar thionscal ceoil na tíre sna 1980idí. Cúis amháin ab ea polasaí an South African Broadcasting Corporation go mbeadh ceol dúchasach le clos ar an líonra de stáisiúin raidió eitneacha a bhíodh ag craoladh fud fad na tíre ag an am. “One good thing about music,” a dúirt Bob Marley fadó, “when it hits you, you feel no pain.” B’amhlaidh do mhuintir na mbailecheantar, is léir, agus rath ar thionscal an cheoil bheo sna 1980idí chomh maith. 

An bhfuil aon mhaith ann?

Is éard atá le clos ar Gumba Fire ná fuaim dhioscó na hAfraice Theas ag athrú ina cheol bubblegum – stíl phop-cheoil lom, lo-fi – roimh theacht na stíle ceol tí mall Afracach Kwaito sna 1990idí. 

Tá fuaim na sintéiseoirí, na méarchlár agus na meaisíní drumadóireachta in uachtar, ach i gcás amhrán mar ‘Selallane’ de chuid The Black Five agus ‘Do You Trust Amajita?’ de chuid Ntombi Ndaba tá armóiní gleoite a chantar i dteangacha dúchasacha le clos ar a mbarr. 

Is tú ag éisteacht le rithimí agus foinn mheanmnacha ‘Hayi Ngodlame’ de chuid Zasha ní deacair a thuiscint gurbh é seo an cineál ceoil a bhí ina chluasa ag Paul Simon is é á ullmhú féin chun an t-albam ‘Graceland’ a thaifeadadh. 

Líne a bhaineann sceamh gháire asam i gcónaí (agus a chuireann “Ya Mama” de chuid The Pharcyde i gcuimhne dom) ná “She says my mother is the ugliest thing in town”  ó ‘She’s Impossible’ le Condry Ziqubu. Seo anois do sheans chun lámh a leagadh ar an bport úd ar phraghas réasúnta seachas an €30 atá á lorg ag súmairí Discogs do bhun-chóip 12″.

Seasamh na gcosmhuintire gualainn ar ghualainn é téama ‘My Brother’ de chuid The Survivals (“I know that you have no money, but I don’t care about your money, boy”), port electro-funk misniúil a shiúlann go ceannard amach as na callairí chughat.   

Is deas é synth-boogie ‘Wayawaya’ le Zoom, agus luascadh trópaiceach ‘Wola Wola’ de chuid Ozila.

Laigí? Ní mór foláireamh a thabhairt go bhfuil blas láidir na cáise ar an Gumba Fire tríd is tríd, ach muna bhfuil ailléirge ort le blúire fromage, a léitheoir, ná bíodh aon eagla ort. 

An breithiúnas?  Agus dúil go forleathan sa cheol trópaiceach fé láthair, gan trácht ar fhuaim shíorghlas na sintéiseoirí analógacha, tá blas úr, comhaimseartha ar an mórán de Gumba Fire.