Hip Hop sa Dúchas #1
I ré seo na dearóile

Tá macallaí an traidisiúin Ghaelaigh le cloisteáil i nósanna comhaimseartha hip hop agus rap, cé nár mhian le gach duine é sin a admháil, a deir an file agus rapálaí Séamus Barra. Sa chéad chuid seo tugann sé léargas uileghabhálach fileata dúinn ar an saol seo ceoil…


Rap, hip hop, MCanna… cad is ea iad? Más iad iad in aon chor?

Téarma is ea ‘rap’ i dteangacha éagsúla ar fud an domhain ar sheánra ceoil a mbíonn steall siollaí á n-aithris go bríomhar anuas ar thionlacan preabach poirt.

Is fada an focal féin le clos i gCiarraí.

Buille nó cnag ba bhonn leis.

Rap a thabhairt do dhuine sa phus nó bheith ag rapáil ar dhoras.

Ach níl muintir na Gaeltachta glas ar an mbrí is coitianta don bhfocal anois agus is minic atá cloiste agam ceisteanna mar “an tusa a bhíonn ag rapáil”? agus “an tú féin an rapper?”.

Tá iarrachtaí déanta ainm eile a bhaisteadh ar an rap.

Geabaireacht, cuir i gcás.

Is mó focal eile a dh’fhéadfaí a phiocadh – níl aon easpa slite chun saghasanna difriúla cainte a chur in iúl sa Ghaelainn.

Ach más comhartha an giob geab a chuala age lanú óg ar a chéile i seomra tobac an chlub oíche an tSathairn seo caite, ana-sheans gur éagóir geabaireacht a thabhairt ar véarsaíocht MC Muipéad agus Oisín Mac (thíos) nó ar chodanna áirithe do shaothar roinnt denár bhfilí is spleodraí.

Thug Seosamh Ó Guairim, beannacht Dé leis, rap ar cheann dosna dánta deireanacha a tháinig uaidh, ‘An iomarca Spadhar in Áras na nGadhar’, agus is píosa nótáilte é lán d’aiteas, de shamhlaíocht, de ghinias.

Dúirt Seaghan Mac an tSionnaigh ag féile Chorp agus Anam le déanaí é i ngairdín lán d’fhámairí réchúiseacha.

Bhí cuid acu sínte siar ag gáirí agus “iomarca” á chlos arís is arís – mura raibh Gaelainn acu, nár mhaith a thuigeadar an dán.

Áireofar Ó Guairim ar eiseamláir na filíochta ó bhéal fós, táim deimhnitheach de.

Nach oiriúnach gur ag ócáid Reic a cuireadh tús leis an ómós.

Seo taifead don Sionnach á aithris ar an mBuailtín athuair é.

Is lag liom an lipéad ‘file rap’ leis.

Ní mar a chéile rap agus filíocht, cé gur dóichí gur deacair iad a dhealú óna chéile uaireanta.

Deir Saul Williams ná fuil leisce ar fhilí amhras a chur in iúl (nach aon nath leo géilleadh do mhistéir an ruda ná feadar siad) ach gurb é gnó na rapairí pé fios athá acu a scaoileadh gan taise.

Stíl labhartha ab ea rapáil riamh.

Deir Del the Funky Homosapien gurb é an rud a shamhlaigh seisean le ‘do rap a dhéanamh’ ag fás suas dó i gCalifornia ná bladaireacht líofa a dhéanfá chun dul i bhfeidhm ar dhuine, do rap a dhéanamh le cailín a mhealladh, abair.

Nó an radaireacht thapaidh a bheadh ag pimp agus é ag tathant ort dul i dteannta ceann dosna striapacha aige (leithéidí Iceberg Slim a raibh tionchar an-mhór ag a leabhair dhírbheatháisnéiseacha faoi dhomhan an striapachais ar an saghas tráchtaireacht shóisialta athá go coitianta ag rapairí fós).

Tá cosúlacht anso againn idir rap agus Reic .i. an fhilíocht ó bhéal athá le clos ag Gaeil anois.

Dhá bhrí athá le rud ‘a reic’.

Is féidir dán a reic, ach má thá earra le díol agat, is féidir é sin a reic chomh maith.

Tá ana-smacht ag an margadh ar an tsochaí seo againne. Is ní foláir nó fágann an tomhaltachas a thacaíonn leis a rian ar an modh eisprisin ar gá dhúinn a chleachtadh.

Go háirithe, daoine imeallaithe atá thíos leis an gcóras san – an cleas ar imeall an aonaigh ag tathant ar stróinséirí ósna ceithre hairde a gcuid bailéad a cheannach uathu (nó a thógaint saor in aisce) nó na díolars seasta ag an gcoirnéal ag reic a bhfuil acu is ag rapáil leo siúd a ghaibheann thar bráid.

Tabhair fé ndeara gurb í teanga dhúchais an lucht siúil an ‘cant’.

Tá an focal ‘cant’ gaolta le ‘canadh’ agus dealraitheach le ‘caint’.

Is í an Ghaelainn ar ‘auction’ ná rud a chur ‘ar ceant’ agus b’in léargas ar fheidhm na teangan san i sochaí na hÉireann.

Ní hionann rap agus hip hop ach oiread.

Rud i bhfad níos mó ná stíl labhartha is ea hip hop.

Gluaiseacht dhomhanda é a chruthaigh daoine gorma sna Stáit Aontaithe chun comhfhios an chine dhaonna a ardach.

Dúirt KRS-One (thuas, ar ard-saoithe hip hop an domhain é, múinteoir agus ceannródaí, ar nós an Mhuipéid seo againne) gurb é is hip ann ná ‘comhfhios’ agus gurb é is hop ann ná ‘gluaiseacht’.

Ón hip a thagann an tuiscint ar cad iad na héadaí néata atá á gcaitheamh faoi láthair nó cén saghas béarlagair atá le clos ag gramaisc na sráide.

Ón hop a thagann an fonn bheith ag rínce nó graifítí a chur ar fhalla srl.

Scríobh KRS-One The Gospel of Hip Hop.

Seo blúire ón bportús beannaithe céanna:

“Is mé teanga an ghrá nach dtuigfeadh oideachasóirí ‘fásta suas’ riamh í – Is mé ráiteas an chultúir.

Glaoitear orm Ard-Fhios na Freacnairce – Is mé a leagann síos is a thógálann aníos, a chneasaíonn is a spreagann le comhcheangal cóir na bhfocal.

Is mé an Fiontraí a shocraíonn dea-chomhairle, a éalaíonn arís is arís ó ghnáth-thaithí an Bhochtanais, gan an diabhal a dhéanamh choíche ar a acmhainní do-ídithe. Is mé atá féin-saolaithe féin-chothaithe, ar feadh mo mharthana.

IS MISE HIP HOP! Ní amháin go bhfuil Hip Hop ar siúl agam, ach is Hip Hop atá ionamsa! Is mé Faireoir na Teamhrach i gceartlár chathair Hip Hop, impím ar mo phobal iompú ón mbreoiteacht, ón bhfuath, ón aineolas, ón ndeilbhíocht, agus ligean don tsláinte, grá, fios agus saibhreas, iad a leigheas.

Is mise an Múinteoir! Finné Dé, taobh istigh de agus mórdtimpeall ar Hip Hop.”


Tá bua na filíochta agus na rapála préamhaithe i ngnáthchaint na ndaoine araon.

Chualasa bean in Iarthar Dhuibhneach ag moladh tigh ósta i dtaobh filíocht bheith le clos ann fadó.

An fhilíocht a bhí i gceist aici ná an cumas urlabhra – bheith ábalta ar chomhrá ciallmhar a choimeád sa tsiúl le freagraí tapúla.

Tá scéal i Lios Tuathail mar gheall ar fhear siúil a bhuail isteach Tigh an Chathánaigh, lá.

Fiafraíonn John B de ar mhaith leis dreas filíochta a chlos.

Ba chuma leis an gcustaiméir ach í bheith gairid.

D’fhiafraigh John B dó canathaobh agus is é an freagra a thug sé; “Poetry is bad enough without it being long!

Bhí sé rómhaith dhó, ambaist.

Is nach deas mar chomhairle d’fhilí an domhain í gan buíochas dó.

N’fheadar an ndein John B an dán a reic in aon chor.

Níor ghá é.

Bhí an gnó déanta ag an bhfear siúil abairt sheoigh a rá ar an bpointe baise, ar hap an tairne, gan fiú smaoineamh air.

Is linn fós é mar rá.

Ní dea-abairtí amháin a bheadh á lorg i gcomhráite sa chultúr béil a bhí tráth níos forleithne an fuaid an Oileáin – ach véarsaí lána chomh maith.

Is minic a bhrisfeadh rann amach agus deireadh na foighne sroiste age duine.

Tugtar ana-chúntas air mar chleachtas laethúil sa pharóiste is sia siar in Éirinn i leabhar Dháithí de Mórdha Scéal Shéamuis Bhig mar a bhfuil cleas an chúinne i dTig Kruger fós breá ábalta ar phostaire a leibhéal le raiste ráitisí ar geal le filíocht spontáineach iad (mar atá braite agam féin cúpla turas!).

Ní haon ionadh go mbíodh faitíos ar dhaoine áirithe roimh chainteoirí arbh fhéidir leo filíocht a chumadh ar an bpointe.

Is fada a sheasódh cuimhneamh ar rann fónta, agus sprionlaitheacht an duine a spreag í fairis.

Seo file in Iarthar Chorcaí, Conchubhar Ó Muineacháin, ag bagairt ar fhear móna ná raibh puinn snaoise aige dó le roinnt ar an bportach.

A Dhónaill ba chóir go mbeadh snaois agat
Dom shórdsa do scólfadh le laoithibh tu
Is nár mhó liom an fód so ar mo phíc’ agam
Ná gnó ‘thabhairt sa bhfómhar dosna daoinibh ort

Is é an “gnó” athá i gceist aige ná na rannta cáinteacha a chumfadh sé mar gheall ar ocras (nó díreach neamháisiúlacht) an té eile agus a bheadh á n-aithris ag an gcosmhuintir feasta.

Tá nósanna rap níos giorra don traidisiún Gaelach cé nárbh áil le daoine áirithe é sin a admháil.

Chaitheas go leor aimsire trí na blianta i Nua-Eabhrac mar a gcuireas aithne ar scata as Brooklyn.

Bhíodh cluichí beer-pong agus cártaí á n-imirt um an dtaca san againn agus tiúin trap ar siúl sa chúlra.

Níor leasc leo cromadh ar bheith ag freestyle-áil anuas ar an rian go mórtaiseach dá mbeadh ag rith leo.

Chuireas ana-spéis san ealaín sin agus an fheidhm a bhí ag an tsaorstíl mar mhodh maíte acu nó mar chaitheamh aimsire ceoil.

(Saorstíl: rímeanna a chumadh is a rá ar an bpointe baise/as do sheasamh)

Tá an nós céanna in Éirinn, leis.

Éinne a bhí bailithe sa tsuiteoireacht ag Liú Lúnasa anuraidh is cuimhin leo an fhonnadóireacht a bhí á stiúradh ag Neil Ní Chróinín agus Cróinínigh Ráth Chairn – ‘Peigín is Peadar’ á rá go lúcháireach ag an gcomhthionól, turas an tseomra á thabhairt agus a líne féin á chumadh ag gach éinne idir gach Hó-bhá-ín Hó-bhá le tagairtí tráthúla do JJ Ó Dochartaigh agus do leath-bhuidéal Buckfast in áit leanbh na féasóige agus an cáca mine buí.

Is iad na rudaí is giorra dhuit a thiocfaidh anuas agus tú i mbun saorstíle, deinim amach.

Is iad na rapanna is fearr dá dheascaibh ná na cinn ná fuil fuaraithe stánáilte ag an iomad saothraithe.

Ní rud é sin a scarann ón bhfilíocht é – muna dtagann rann asat go bog nádúrtha, ní bheidh ar do phláta ach ubh ghliogair.

Más iad Ó Searcaigh nó Ó Rathaille féin athá ann, dá cháileacht, dá mhilseacht is dá chastacht an rann í, luífidh gach snáith di ar an dteanga chomh nádúrtha leis an uisce ag rith nó leis an bhféar ag fás nó go deimhin le ráiteas an fhir siúil úd taobh na cúntúrthach i dtig John B.

Tá scata MCanna óga ar an bhfód anois a chuireann spéis sna saorstíleanna – go háirithe i gCúige Mumhan.

Bíd ag gabháilt don maidhc ag imeachtaí déagóirí sna clubanna oíche agus rianta house mar thionlacan acu, gan de dhualgas orthu ach lucht féachana a ghríosú.

Fuair duine acu, MC Lynchy, os cionn dhá mhilliún radharc agus é suite ag stad bus ina éadaí scoile i gCathair Luimnigh.

Cé go bhfuil claonadh ag cuid acu gan a mblas dúchais a úsáid (seachas ag 2’55” nuair a bhriseann teallaireacht an Loingsigh amach agus défhoghar an fhocail ‘coat’ á Mhuimhniú aige).

Tá meas agam orthu.

Ba dheas a shamhlú gur féidir le fo-chultúir béil mar seo a bheith á bhforbairt ag daoine óga as a stuaim féin.

Ach faraoir, is mó rud atá ina gcoinnibh; easpa gigeanna, easpa punainne agus easpa léiritheoirí cumasacha a threoródh iad go leibhéal eile ealaíne.

Ní Ghaelófar a nglór dá gceal.

Ach mar sin féin – an té a cheapann nach Gaelach an caitheamh aimsire é, tá dul amú air.


Is féidir cuid #2 den alt seo a léamh anseo.

Beidh an fear é féin ag reáchtáil ceardlainne ar an hip hop ag Liú Lúnasa Dé hAoine seo. Tuilleadh eolais anseo.

Hip Hop sa Dúchas #2