Hip Hop sa Dúchas #2
Ag aimsiú na fírinne...

An lá inné foilsíodh an chéad chuid de léargas an fhile agus an rapálaí Séamus Barra ar shaol an hip hop. Sa dara cuid seo téann sé níos doimhne arís i bpréamhacha agus i bpolaitíocht na healaíne…


Is é is kotodama ann ná creideamh naofa i gcumhacht mistéireach na bhfocal.

Baineann sé leis an Sinteochas, creideamh dúchasach na Seapáine.

Do ghéill clann na seanmhuintire thall ar fad dosna spioraid.

A spiorad féin i ngach cloch, crann is cuileog, dar leo.

De réir kotodama, níl ceal anama ar aon fhocal, ach oiread.

Bíonn a thuras féin ag gach beannacht is mallacht tar éis é a rá agus idir theampall agus reilig mar cheann scríbe acu.

Bheadh sceimhle a gcroí ar dhream Sinteo dá gcloisfidís an baisteachán ar fad athá sa chnuasach 500 Mallacht Ort a bhailigh Breandán ‘ac Gearailt, déarfainn!

Ní haon iontas go bhfuil teist an chiúnais orthu.

Bhí iontaoibh riamh ag na Gaeil as focail chun ciorruithe a dhéanamh – rud nár chuir aon stop orthu nathanna dochair a chumadh.

An aoir ach go háirithe.

Sa tSean-Ghaelainn thá a leithéid de rud ann agus “glám dichend” – ráiteas filíochta a stoithfeadh an ceann díot.

Tóg an seanfhocal Béarla “sticks and stones may break your bones but words will never hurt you” – is í a mhalairt ghlan is fíor in aigne ár bpobail-ne; “is buan fear tar éis a bhuailte, ach ní buan fear tar éis a cháinte”.

Is ea, is measa ná stánáil do cháineadh a chlos ó cheann ceann an pharóiste.

Thug an Criomhthanach (thuas) radharc dúinn ar an aire a thugtaí i bhfochair fhile an Oileáin, Seán Ó Duinnshléibhe, ar eagla go dtairriceófaí a mhallacht.

An tslí is fearr chun an faitíos roim mallachtaí agus cáineadh a thuiscint ná a chomh-fhaitíos a aimsiú i saol an lae inniubh.

Caint ar fad ab ea na Blascaodaigh.

Ní raibh a mháistir ar an mbéal chun scéalta a chur trí chéile agus chuimhneoidís agus scaipfidís ráitisí a bhí dea-snoite fileata.

Nílimid ag brath chomh mór céanna ar an gcaint anois ach ar mheáin eile, dálta an idirlín.

Dá mbeadh cníopaire éigin ag scaipeadh ráflaí fút nó ag nochtadh rudaí ar líne a chuardaís ar do bhrabhsálaí incognito in am marbh na hoíche, agus na milliúin á roinnt ar Facebook, ar Twitter, nó i dtaobh eile, d’fhéadfadh an feall do shaol a athrú.

Is mó duine a chuir lámh ina bhás féin toisc a leithéid a thitim amach.

(Ní fhéadaim scéal Dhara Ní Choigligh a chaitheamh amach as mo cheann, a Ghaeil… é curtha i leith na nGardaí gur fhoilsíodar físeán CCTV dá gcuid ar Facebook de Dhara agus í ag gabháil an tsráid gan snáth le linn di bheith faoi bhrú millteanach ag taom anró meabhrach. Chuir sí lámh ina bás féin tar éis an físeán a bheith foilsithe. Bhí baint ag an mbean uasal chéanna leis an bhfeachtas i gcoinnibh táillí uisce agus go leor eile.)

Bhíos ana-shásta go bhfaca an iomarbhá ghiolcaireachta idir Eoin P. agus Ciara Ní É le déanaí a theaspáin feidhm úr mallachtaí sa lá athá inniubh ann.

D’éiríodar chun a chéile, mar dhea, agus mallachtaí smeartáilte á dtvuíteáil.

Luadar go leor nithe a léiríonn síceolaíocht na teicneolaíochta.

Bhí torthaí an bhabhta neafaiseach, glic agus ana-ghreannmhar.

Más ag pleidhcíocht a bhíodar – ba mhairg brú ar mhéarchlár ceachtar acu dá mbeadh sé ina bhriatharchath fíor go scoiltfídís an scáileán ort!

Is leor leathfhocal domsa.

https://twitter.com/murchadhmor/status/830461334823239680

Glám Díchend

Bhíos ag baint bolgaim as mo chaife in Idaho anuraidh an tan do chuala beirt taobh thiar díom ag geabaireacht leo.

B’fhearr liom ná rud maith gan fhios bheith agam cad é a bhíonn á phlé agena leithéid de ghnáth ach a gcuala ainm ar bharr a mbéil a bhain preab asam.

Ba dhóbair nár shás mo mhéar isteach im chluais chun an chéir a shuaitheadh aisti d’fhonn éisteacht níos fearr a fháilt ar an gcúlchaint.

Th’anam ‘on diucs! Cé a bhí á phlé acu ach Baldy McDonagh (thíos)!

Bhíodar ag trácht ar fheinimeán na bhfíseán fógairt troda atá á n-uaslódáil in Éirinn agus i Sasana le beagán blianta anuas ina mbíonn daoine (a bhformór den lucht taistil) ag “glaoch amach” ar dhaoine eile a bhfuil cúis amuigh acu orthu chun dul ag troid.

Sna físeáin, deintear gach iarracht ceap magaidh don gcéile comhraic trí shruthán millteach de dhubheascainí, de ghreann dóite agus d’áiféis gan náire chun cáil an duine eile a bhrú sa lathaigh.

Ba dhóigh leat go raibh an ghearradóireacht chomh tábhachtach lena gcumas aclaíochta le féachaint ar chuid acu.

Is b’fhéidir go bhfuil!

Dá mhíchuibheasacht an nós é, téann sé siar i gcultúr na nGael agus cruthaíonn arís an creideamh go ngortófaí duine go fisiciúil ach focal a chur air.

Creidtear in Iarthar Chorcaí go bhfuaradh Crothúr na Mainge fuar marbh i gcliathán an bhóthair de bharr gur cháin an file Pead Buí Ó Loingsigh é.

Seo rann ón gcáineadh maraitheach ina nochtar gníomhartha gránna Chrothúir tar éis babhta dí.

(Thug Seán Ua Súilleabháin dom na rannta so agus mé ag freastal ar rang dá chuid fé fhilíocht an cheantair sin in UCC);

Nuair a dheineann an raille seo a bholg a líona
Do theastódh leabaig dó tamall chun síne
Gluaisíonn gaoth is a mhalairt ‘na bhríste
Agus bíonn sé ag aisiog ó mhaidin go hoíche.

Nach salach mar phíosa filíochta é (dá ghlaine an rím, abair)!

Marab ionainn agus caint bligeáird bheaga sa chlós scoile ag piocadh as leanbh bocht eile – ní mór masla bheith fisiciúil chun go mbraithfí sna putóga é.

Is minic i bhfíseáin fógairt troda go mbítear ag eachtraí ar rudaí pearsanta náireacha a bhain do do namhaid díreach mar athá Pead Buí thuas.

An sampla is cáiliúla de seo ná Big Joes Davy Joyce ag baisteadh “cac-i-mbucaod” ar a chéile comhraic, toisc go raibh cúram an rí air ar feadh coicíse tar éis troid eile a chailliúint.

Ar na maslaí is suaithinsí athá cloiste agam uathu tá “spág a’ phiongain”, “cuil-cheann”, “nimh na bhfrancach” agus “bastart a’ tsean-juncaí”.


Ní hé Baldy McDonagh an t-aon Bhleá Cliath atá i mbéal an phobail i Meiriceá fé láthair.

Ní hea ach Conchubhar Mac Griogair, gaiscíoch náisiúnach craos-chaipitleach rí-thomhaltach ár linne ná fuil glas ar fheidhm fhaobhrach a theangan ach oiread.

Tá ana-chuid daoine míshásta leis an turas domhanda idir é féin agus an dornálaí Floyd Mayweather a bhí ar siúl acu chun a meaits a chur chun cinn, saghas rap-battle idirnáisiúnta, toisc an droch-chaint ar fad agus easpa tuisceana an Éireannaigh ar an gciníochas a bhaineann leis na hachasáin a tháinig thar a bhéal agus mar bharr ar gach donas, fuath ban agus homafóibe a chomh-throdaí Mheiriceánaigh.

Is é Mac Griogair an Ghlas Ghaibhneach ag an UFC anois.

An fostaí foirfe.

Goimh air chun cairéal mór airgid a dhéanamh, agus smacht an Stóchais aige ar idir aigne agus chorp agus é ag traenáil ó bhuille luath an Luain go buille déanach an tSathairn.

Díolann fearaibh ar fuaid na cruinne as a íomhá – chun easpa feidhme a bhfearúlachta féin a chúiteamh.

Fearúlacht atá bunaithe ar éitheach dhlisteanacht na patrarcachta, éitheach athá creimthe cloch ar chloich ag gluaiseachtaí forásacha (LGBT, feimineachas, ainrialachas srl.).

Deirtear go mbíonn ana-bhrú ar fhearaibh géilleadh don íomhá úd agus gurb iad a bhíonn i gcruachás dá bharra.

Tá duine dosna hiphopadóirí is cumasaí i mBaile Átha Cliath, Paul Awlright, tar éis a mhoniker ‘Lethal Dialect’ a chaitheamh amach agus a ainm féin a úsáid amach anso.

(Is minic a bhíonn persona tufáilte le cruthú ag an rapaire i súile a phobail féin, agus na geáitsí a ghaibheann leis, mar chosaint i gcoinnibh fórsaí contúirteacha sa tsochaí).

Mhínigh Pól a chás ar a chúntas Twitter gurbh é an “toxic masculine mentality” so agus an bhaint a bhí aige sin le buairt aigne óigfhear agus féinmharú a charad fé ndear an athruithe.

Mo sheasamh ort a Phóil!

Ba é an brú ar fhearaibh géilleadh don meon tocsaineach san ar na cúiseanna a bheartaíos féin aghaidh fhidil Dhónaill Dhuibh a chaitheamh, an chéad lá, – bhíos ag iarraidh an t-éitheach úd a scriosadh ón dtaobh istigh, agus faid a bhíos ag iarraidh mo Dhónall féin a scriosadh cad deirir ach go dtáinig Dónall eile (an Trumpa) in airde ar an domhan i dtoghchán na Stát Easaontaithe.

Sa phíosa ‘Bhí Aisling ag Bobby’ thógas liricí ó amhráin phríomh-shrutha hip hop a bhí ag maíomh as airgead, leathar agus drabhlás agus do shníomhas iad ina chaoineadh imníoch ar fhéinmharú deartháir duine.

Féinmharú i Lios Tuathail a thug orm dán clabhsúir ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’ a chumadh, agus go deimhin is é Ciarraí an ceantar tuaithe is mó féinmharaithe sa tír.

Dhá oiread níos airde ná an meánmhéid in 2013 agus é dulta in olcas i mbliana.


An Físeán Deireanach
i gcuimhne…

a Dhónaill Óg
leathchara mo charad
ghabh tríd an scoil chéanna

chím an físeán deireanach díot
do scileanna sacair á léiriú
le ciceanna aeir

an chaid ghlégheal,
ag cleasaíocht sa ghairdín,
ó chos dheis go cos chlé

chím ar loop tú
ar scáileán na síoraíochta
ná téann riamh as.


B’fhearr le fearaibh óga leochaileacha féachaint ar aircitíopa Chonchubhair ná déileáil lena mothúcháin féin agus, ar leibhéal íde-eolaíochta, b’fhearr leo fear mór groí a altú ná glacadh le fírinne an tsaoil go bhfuil formhór d’oibrithe an domhain ina mnáibh céasta de bhunadh tíortha bochta sa domhan neamhfhorbartha agus gach deis acu saol fuaimintiúil teaspúil amuigh fén aer a chothú ina ndúthaigh féin ag maolú go mear.

Ar nós an phríomhcharachtair sa phictiúr, Fight Club, a chruthaigh Tyler Durden ina cheann, féachaid ar Mac Griogair mar scáil hipear-fhearúil foréigneach a chúiteoidh easpa gaiscí an tsaoil thomhaltóra athá acu á gcaitheamh i ré leisciúil an chaipitleachais dhéanaigh.

Is é a Slánaitheoir é.

Líonann Cú Chulainn Chromghlinne bolg folamh an náisiúnachais leis.

Tá leath-bhraon an náisiúnachais fágtha san Éireannach ón 18ú haois, ach náisiúnachas gan dúchas is ea é.

Náisiúnachas neamhfhorbartha athá bunaithe ar airgead, ar stát, ar fhuil agus ar bhratach a bhfuil nike clóite air.

Náisiúnachas ná tagann salach ar chiníochas nuair a easpórtáiltear é go dtí an tOileán Úr.

Na Gaeil agus an Ciníochas

N’fheadar éinne ach an taighde éachtach atá déanta ag Liam Hogan in Ollscoil Luimnigh mar gheall air seo.

Mholfainn d’éinne a aistí acadúla nó a chuid tvuíteanna a léamh mar gheall ar ról na nGael i gcur fé chois an chine ghoirm.

Áitíonn sé gur bréag gan bhonn é “sclábhaithe Éireannacha” bheith sa Muir Chairib.

Gur mhór an scanal Dé an cruatan a bhí ar na príosúnaithe a seoladh thar lear agus agena lán eile sa ré sin, ach go bhfuil scata fianaise anois, cúntaisí comhaimseartha na gcimí san áireamh, a léiríonn gur i bhfad óna chéile iadsan agus na sclábhaithe airnéise Afraiceacha a bhí rompu agus a saolaíodh faoi sheilbh a dtiarnaí.

Go deimhin, an áit is mó a seoladh Éireannaigh ná Montserrat.

Ach faraoir, ba mar mhaoir mar shaoistí is mar úinéirithe scálbhaithe iad féin a chaith formhór dosna “indentured labourers” a dtéarma tar éis tamaill agus ba mhór an leas a bhain Éireannaigh eile as an margadh sclábhaithe tríd is tríd.

Fiú na Gaeil a d’éalaigh ón nGorta go dtí na Stáit Aontaithe.

Ba í a sliocht is mó a bhí i gcoinnibh oibrithe gorma ag teacht go dtí na cathracha forbartha ar an gcósta thoir agus a dhein iad a ruaigeadh mar mhaistíní le linn círéibeacha ciníocha ar nós na ‘New York City Draft Riots’.

Nuair a chuaigh na Gaeil in airde sa tsochaí chuadar isteach sna póilíní agus is mó cás ciníoch a thagann aníos gach bliain i bhPhiladelphia agus in Chicago – cathracha a bhfuil dlúth-cheangal stairiúil idir na pobail Ghaeil-Mheiriceánacha agus na fórsaí póilíneachta iontu.

Féach an t-alt iontach seo le Hogan mar shampla.

Thóg sé tamall orm é seo ar fad a shlogadh mar im dhéagóir dom theastaigh uaim an tÉireannach a shamhlú i ndlúthpháirtíocht le sclábhaithe na hAfraice agus le daoine gorma Mheiriceá.

Fé mar athá déanta go caolchúiseach ag an ard-rapaire Costello ina rap eolgaiseach ‘A Page of History’ ar Foras Feasa ar Éirinn é do choismhuintir na hÉireann san 21ú haois déag.

Ní go dtí gur léas leabhartha leithéidí Mumia Abu Jamal agus taighde Liam Hogan gur taibhsíodh dom gur rud fíordhainséarach é gan an t-idirdhealú soiléir a dhéanamh idir “sclábhaí airnéise” agus “indentured labourer” mar cealaíonn sé aon éagóir a dhein agus a dheineann daoine bána de bhunadh na hÉireann ar dhaoine gorma i Meiriceá trí chóras ciníoch aicme na tíre sin a tógadh de dhroim na sclábhaithe.

Ní shéideann gaoth an éithigh maith d’éinne.

Is í an fhírinne a shlánóidh sinn.

Is mó chun oilc ná chun maitheasa an tuiscint ar sceabhach agus thug Ó hÓgáin le fios gur grúpaí forchiníocha geala is mó a scaipeann ailt bhréag-staire ar líne fésna “sclábhaithe Éireannacha” so agus go dtagann méadú as cuimse ar na cuardaigh Google á lorg nuair a bhíonn círéibeacha ar siúl nó tráth scannal sna páipéirí faoi phóilíní a mharaigh sibhialtaigh den gcine gorm, Ferguson, cuir i gcás.

Seift choitianta ag ciníochaithe í chun a gceart a shéanadh ar dhaoine gorma agus stair na sclábhaíochta á plé; “Dhera ná raibh scálbhaithe ó Éirinn, leis, agus nílimidne ag gearrán faoi!”.

Is deargéitheach é sin.

Éitheach a scaipeann daoine gur fearr leo gan a bpáirt i margadh na sclábhaíochta agus daoirse daoine gorma a admháil ná a thuiscint ar bhonn réabhlóideach.

Chughainn an Sí Gaoithe

Tá rap suas i ngach aon teanga ar fud na hEorpa anois.

Ach in áit í a tháthú chughainn féin – ní mór ceistiú – cad iad na préamhaithe coitianta idir an nós nua agus an sean-traidisiún abhus, iad a aimsiú agus a chothú.

Ina dhiaidh sin, in áit seilbh a ghlacadh air – bheith macánta mar gheall ar stair an chaidrimh idir do phobal/do náisiún/do chultúr féin agus cur fé chois daoine gorma agus é a chinntiú go mbeidh pé iarracht a dheintear an cultúr san a fhorbairt – ag cur le comhbhá agus streachailt daoine fé chois a neartú.

Buíochas le Dia, tá fíor-ghaiscígh mar Bernadette Devlin againn chun ár ngluaiseachtaí intleachta a bhunú orthu in Éirinn.

Thug Ard-Mhéara Nua-Eabhrac eochair óir na cathrach di ag deireadh na 60í.

Cad a dhein sí ach í a thabhairt thar n-ais dóibh siúd ar leo aon siombail shaoirse sa chathair ó cheart… Na Pantair Dhubha!

Ná bhreá leat piúnt Bulmers agus taco fry a bheith agat lena leithéid d’ainnir mhisniúil Ghaelach!

Tá súil agam go mbeidh aon fhorbairtí eile ar an ealaín seo in Éirinn tógtha ar an mbonn san agus go mbeidh rap na nGael ina shí gaoithe a ghlanfadh aon fhuath cine den tslí ar chuma giobail nuachta Shasana á séideadh de leic an chasáin.

Fé mar a dheineann This Side Up, ó Bhaile Shligigh, leis an aintiún sick-áltha so lán víbeanna frith-fhaistiseacha ar fad:


Beidh Séamus Barra ag reáchtáil ceardlainne ar hip hop agus rap ag Liú Lúnasa Dé hAoine seo, 25 Lúnasa. Tuilleadh eolais anseo.

TÉANAM ‘ON HAP!

Hip Hop sa Dúchas #1