Idir dhraíocht & dhríodar
Le clos ar Afrosonique Volume 1

Cad é seo, go díreach?

Tá obair na gcapall ar bun ag foireann an lipéid cheoil Africa Seven agus scata seod dearmadta, ar nós Aifrea-func, Aifrea-dioscó agus Aifrea-sicidéalach na sean-ré, curtha amach acu in athuair le dhá bhliain anuas.

Ar Afrosonique Volume 1 táirgtear rogha rianta bainte óna sraith tiomsúchán Africa Airways a rinne léiritheoirí ceoil na linne seo a athmheascadh.

Bí ag súil le ceol ó leithéidí Pasteur Lappe, Ekambi Brilliant agus M’Bamina atá samhlaithe ag sean-mháistrí an athmheascáin mar DJ Food, John Talabot agus Plaid, chomh maith le bocanna óga mar Marcel Lune, EVM agus Jabru.

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá loinnir ar obair na sean-fhondúirí, go háirithe.

Baineann DJ Food úsáid as a shamplóir chun fad agus func ‘Rhythm On Rhythm’ le Sookie a dhúbailt , agus síneadh iontach déanta aige ar an ruathar conga leath slí tríd.

Roghnaíonn John Talabot agus Pional buillí aigeanta Ekambi Brilliant mar thúsphointe dá leagan spleodrach house-trópaiceach ‘Afrika Afrika’.

Glacann Appleblim go fonnmhar le garbhadas sicidéalach an bhun-riain ina leagan suntasach dord-house de ‘Nani Nani’ le Sory Bamba.

Soláthraíonn IG Culture athmheascán beo-aigneach sa stíl broken beat de ‘Jokenge’ leis an ngrúpa Afro National.

Níl athmheascáin na glúine óige iontach, leis an bhfírinne a insint, cé go bhfuil leagan brothallach, meidhreach house Marcel Lune de ‘Mbongui’ le M’Bamina ina eisceacht shuntasach (ditto meascán dinimiciúil EVM de ‘Mosi Zole’ leis an ngrúpa céanna).

Laigí?

Tá easpa samhlaíochta ag baint le hathmheascán Plaid de ‘Les Cavaliers’ Manu Dibango, is gan puinn déanta acu ach loinnir leictreonach a chur ar an mbun-rian.

Teipeann ar iarrachtaí Moody Boyz, Silkie, Ryan Knid agus Redpine & Solo.

Tá leagan Jabru de ‘Sekelimania’ le Pasteur Lappe ró-mhacánta ar fad.

An breithiúnas?

Tá idir dhraíocht agus dhríodar ag baint le Afrosonique Volume 1.