Iomlán na dticéad don tríú ceolchoirm de chuid Kneecap sa Bhreatain díolta

Tá iomlán na dticéad don tríú ceolchoirm de chuid an bhanna ceoil Kneecap sa Bhreatain díolta. Níl aon ticéad eile ar fáil anois don cheolchoirm a thabharfaidh buachaillí Bhéal Feirste uathu in Liverpool Shasana ar an 6 Feabhra 2020. 

Tá ceithre ghig fógartha ag na rapálaithe Gaelacha go dtí seo, péire in London, ceann amháin i nGlaschú na hAlban agus ceann eile in Liverpool. 

https://twitter.com/KNEECAPCEOL/status/1205078186985435136

Díoladh gach ticéad do cheolchoirm na hAlban go gairid i ndiaidh a fógartha níos luaithe i mbliana agus b’éigean do leaids iarthar Bhéal Feirste dáta eile a fhógairt in London mar gheall ar an éileamh mór a bhí ar thicéid i bpríomhchathair Shasana. 

Tá ticéad fós ar fáil don dara gig sin a bheidh ar siúl sa Camden Assembly in London ar an 9 Feabhra 2020, ach tá an-éileamh orthu sin freisin. 

Seo an chéad uair ag Kneecap camchuairt a dhéanamh taobh amuigh d’Éirinn. Rinne siad turas na bhféilte samhraidh faoi dhó in Éirinn cheana féin, agus tá cúpla camchuairt timpeall na tíre déanta acu ó tháinig siad chun cinn ag deireadh na bliana 2017. 

Níl aon leid tugtha ag Kneecap go mbeidh dátaí eile á bhfógairt acu sa Bhreatain idir seo agus mí Feabhra na bliana seo chugainn. 

Tá lucht leanúna mór bailithe acu chucu féin le dhá bhliain anuas, in Éirinn agus thar lear, ainneoin na dtuairiscí diúltacha nuachta a bhíonn ann ó am go chéile.