Is fiú i gcónaí bheith ag faire amach dóibh siúd atá thart orainn

Fógraíodh ar na meáin shóisialta maidin inné, 9 Bealtaine, go bhfuil Scott Hutchison, príomhamhránaí an bhanna Frightened Rabbit ó Alban, ar iarraidh i nDún Éideann.  Chroch sé féin giolc ar Twitter arú aréir a dúirt “I’m away now. Thanks.” Tá póilíní na hAlban á lorg agus an banna, a chlann agus a chairde an-bhuartha faoi.

Is cinnte go dtéann sé i bhfeidhm orainn ar bhealach aisteach nuair a  bhasaíonn duine mór le rá — duine a chuaigh i bhfeidhm ar ghlúin ar bhealach faoi leith, nó a d’fhág rian ar an bpobal.

Is iomaí cúis a ghoileann scéal Scott Hutchison ar go leor daoine inniu, orm féin ina measc.

Tá difríocht amháin ann ina scéal siúd, mar sin féin — níor bhásaigh é, go bhfios dúinn, ach tá sé ar iarraidh.

Anuas air sin, airím féin i bhfad níos giorra do Scott ar bhealach pearsanta – ar bhealach meafarach agus go fisiceach – ná mar a d’airigh mé i gcás leithéidí David Bowie.

D’fhreastail mé ar chuile cheolchoirm, nach mór, de chuid Frightened Rabbit in Éirinn le deich mbliana anuas, agus rinne mé aistear de chois thart ar Dhún Éideann á lorg oíche amháin, agus iad ag casadh i gceoláras nach raibh le feiceáil ar Google Maps, i gcathair nach raibh aon chur amach agam uirthi.

Bhí blag grianghraf agam sular tháinig Instagram, I Adored You in Every One of Those a bhí air, i ndiaidh dom titim i ngrá leis an amhrán ‘Poke’. B’in an chéad amhrán a chas mé go poiblí i ndiaidh dom giotár a cheannach. Cuireadh iontas ar chuile dhuine sa seomra suite an oíche sin de bharr go bhfuil an focal cunt san amhrán agus nach raibh duine ar bith ag súil leis sin uaimse.

Tá bealach fileata, gáirsiúil, garbh agus macánta ag Scott agus dar liom, tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is fearr dár linn. 

Ní fhéadfainn a rá cé mhéad uair a d’éist mé leis na halbaim, ná cé mhéad uair ar lorg mé suaimhneas nó treoir óna chuid liricí — mé féin agus na céadta eile. Ní fhéadfainn a rá cé chomh buíoch is atáim as an tacaíocht nó athrú meoin a tháinig le chuile éisteacht de ‘Floating in the Forth’ ar lá dorcha.

Is léir anois ag léamh scéalta óna lucht éisteachta nach raibh mé liom féin, agus tá súil agam go gcuimhneoidh sé féin ar an dearcadh sin anois.

Chas mé leis faoi dhó. An chéad uair, mhaslaigh mé de thaisme é nuair a d’iarr sé orm ar scríbhneoir amhrán a bhí ionam. D’fhreagair mé go raibh fadhb ann le deireanas leis an gcaoi ar fhuaimnigh chuile shórt a scríobh mé róchosúil le hamhráin Frightened Rabbit.

“And is tha’ a bad thing?” a d’iarr sé ina bhlas láidir Albanach.

Táim buíoch go raibh an deis agam é sin a chur ina cheart nuair a chas muid ar a chéile arís.

Is aisteach an caidreamh a chothaítear idir ceoltóir agus éisteoir. Tá na mothúcháin is pearsanta dá gcuid cloiste againn. Lorgaíonn muid sólás agus stiúir uathu in am ár ngátair. Bíonn dlúthchaidreamh eadrainn – scaití níos fadtréimhsí ná cuid mhaith dár gcaidreamh grá nó cairdeas – ach ní bhíonn aon aithne againn ar a chéile. Níl a fhios agam, an dtugann muide éisteoirí tacaíocht don cheoltóir ar an gcaoi chéanna is a dtugann seisean dúinne í?

Ba mhaith liom ciall a bhaint as an eachtra seo, ceacht a aimsiú ann, ach tá ag teip orm. Níl a fhios agam ar lorg Scott cúnamh. Níl a fhios agam ar labhair sé lena mhuintir nó lena chairde. Ach labhair sé go minic faoina mheabhairshláinte ina chuid ceoil.

Ní haon rún é go raibh streachailt lena intinn mar phríomhthéama dá shaothar, agus mar sin is féidir glacadh nach raibh a shaol éasca i gcónaí. Ar bhealach ní haon ionadh é an méid atá tarlaithe, agus mar sin cén fáth nár cuireadh stop leis sular tharla sé?

Nach bhfuil sé go dona, cé go bhfuil dóchas againn fós, go bhfuil an pobal ag glacadh leis go bhfuil sé i mbaol, agus ag ceapadh go bhfuil rud éigin uafásach ar intinn aige, nuair nach bhfuil fianaise ann fós go bhfuil drochscéal anseo ar chor ar bith?

Is dócha nach féidir a rá ach go bhfuil luach i bhfad níos mó ar chuile dhuine dúinn ná mar a thuigeann muid féin. Agus is fiú i gcónaí bheith ag faire amach dóibh siúd atá thart orainn.

Thug sé féin an rabhadh dúinn — “A cripple walks amongst you, all you tired human beings.”

Ná glac leis go gcuirfidh duine éigin an cheist nuair a bhíonn cara leat thíos. Ná glac leis go bhfuil duine ceart go leor nuair a deir siad go bhfuil siad go breá, ach go n-aithníonn tú nach bhfuil.

An t-aon sólás ar féidir liom teacht air ná na scéalta áille agus an buíochas atá á ghabháil le Scott ar na meáin shóisialta faoi láthair. Is léir go bhfuil an-tionchar aige ar go leor daoine, gur shábháil sé an-chuid daoine go dtí seo ar bhealaí éagsúla, beag agus mór, agus go bhfuil ról tábhachtach aige i saolta a lucht éisteachta.

Cibé scéal é, d’éirigh leis an rud a gheall sé a bhaint amach:

“You can mark my words:

While I’m alive,

I’ll make tiny changes to earth.”

Agus tá súil agam ó chroí nach é seo deireadh a scéil.


Má chuaigh an t-alt  seo i bhfeidhm ort is féidir cúnamh a lorg ó ar 116 123 nó ar 028 9146 4646