Nuacheol ag Jane Lawrence
An-amhrán scríofa ag dalta Choláiste Lurgan

Mar is eol daoibh tá an-suim go deo againn anseo ag NÓS i nuacheol Gaeilge agus tharraing an físeán seo ó Choláiste Lurgan ár n-aird láithreach.

Cailín darb ainm Jane Lawrence a chum a hamhrán féin atá le cloisteáil anseo agus, idir a glór láidir agus an ceol comhaimseartha, is iontach an toradh.

Molann muid a croí agus a misneach… tuilleadh mar sin le bhur dtoil!