Kíla, Lá Fhéile Pádraig & albam úr!
2 chóip den albam nua agus 2 thicéad le bronnadh againn ar bheirt! 


Agus Lá Fhéile Pádraig ag greadadh linn, tá Kíla ag fáil réidh lena n-albam úr ‘Alive Beo’ a sheoladh in Whelan’s i mBaile Átha Cliath Déardaoin 16 Márta.

Bailiúchán ceoil bheo é d’fhoinn fhiachmhara, poirt phreabacha agus rithimí corraitheacha agus tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil cóip den albam úr agus dhá thicéad don mhórsheoladh i mBÁC le bronnadh againn ar nósadóir ádhúil amháin.

An té is túisce an té is luaithe ólta ag oíche mhór Kíla in Whelan’s óir beidh beoir O’Hara á tabhairt amach saor in aisce ar an oíche.

Tar éis an tseolta i mBÁC, beidh Kíla ag tabhairt aghaidh ar Londain agus Barcelona do mhórimeachtaí ceiliúrtha Naomh Pádraig thar lear.

“Ón uair a sheinneamar cheana in Trafalgar Square in 2014 agus 2010 d’fhéile Naomh Pádraig, tá muid ag tnúth go mór le filleadh chun seinm i gceartlár phobal na nGael i gCamden, san Ionad Éireannach,” arsa Rossa Ó Snodaigh ón ghrúpa le NÓS.

“Tá cúil áirithe inár gcroíthe freisin do Barcelona agus táimid ar bís chun filleadh ar an gcathair,” ar sé.

Seo an 19ú halbam atá curtha amach ag an bhuíon laochrúil seo, é ina chúis cheiliúrtha ar leith acu agus an 30ú bliain ar an fhód á ceiliúradh acu i mbliana.

Idir cuideachta cheolmhar Ronnie Wood, príomhamhránaí The Rolling Stones, san Olympia i mBÁC, cuairt an Dalai Lama go hÉirinn agus comhchumadóireacht le Bruno Coulais ar fhuaimrianta Cartoon Saloon agus Amhrán Na Mara, is iomaí buaicphointe agus eachtra a thit amach i stair Kíla.

Tá muid ag tnúth leis an chéad 30 bliain eile!

Kíla abú!