Léirmheas: ‘Idir Dhá Shaol’
Scannán cumhachtach ionraic faoi Eithne Ní Uallacháin

Taispeánfar an scannán faisnéise ‘Idir Dhá Shaol’ faoi shaol agus shaothar Eithne Ní Uallacháin anocht (Dé Máirt) ag 9.30in ar TG4. Bhí Méabh Ní Thuathaláin ag an réamhthaispeántas.


Idir Dhá Shaol anois i measc na seod scannán faisnéise a bhreathnaíonn ar laochra móra an cheoil a d’éag agus iad fós óg.

Is seánra ar leith faisnéise é seo, amhail Amy – an mórscannán faoin amhránaí Amy Winehouse a eisíodh anuraidh – nó Senna (2010), ina bhfaightear léargas ar shaol poiblí agus ar shaol pearsanta an duine ag an am céanna.

Amhránaí, fliúiteadóir, cumadóir, file agus Gael ab ea í Eithne Ní Uallacháin.

Máthair, deirfiúr, bean chéile, cara agus duine daonna ab ea í fosta.

Tá an dá thaobh sin dá saol, a bhí go minic fite fuaite ina chéile, tugtha chun solais sa scannán nua cumhachtach seo atá léirithe agus stiúrtha ag mac le hEithne, Feilimí Ó Conchubhair.

Idir Dhá Shaol mar chuid d’athbheochan atá á déanamh ar cheol agus ar scéal Eithne.

Dhá bhliain ó shin, seoladh ceirnín aonair le hEithne ar lipéad Gael Linn, Bilingua, de cheol a taifeadadh sula bhfuair sí bás agus nár eisíodh riamh roimhe.

B’iarracht teaghlaigh é Bilingua a chur amach agus d’fhéadfá a rá gurb amhlaidh atá sa saothar scáileáin seo.

Ó fhís ealaíonta an stiúrthóra go rannpháirtíocht ionraic oscailte chlann Eithne agus mhuintir Uí Uallacháin, is insint neartmhar é Idir Dhá shaol ar scéal Eithne, a thugann leis saoithiúlacht agus daonnacht na mná.

Bua mór an scannáin nach bhfuil aon ghuthú ann, agus ciallaíonn sé sin gurb é glór Eithne féin atá go mór chun cinn.

Is fríd na hamhráin agus an ceol a chum sí agus a chas sí a léirítear éirimiúlacht, samhlaíocht agus cruthaitheacht an ealaíontóra.

Is fríd an streachailt a bhí aici leis an dúlagar, a bhain di ag tréimhsí éagsúla ina saol, a thaispeántar Eithne, an duine daonna.

Ó thaobh an cheoil de, tá Eithne aitheanta ar dhuine de na hamhránaithe is fearr dá raibh ann.

Tá fuaimrian Idir Dhá Shaol – a chuimsíonn amhráin mhóra i mBéarla agus i nGaeilge mar ‘The Emigrants Farewell’ agus ‘Táim Cortha ó Bheith im’ Aonar i mo Luí’ mar aon le hamhráin nua-chumtha, leithéid ‘Bridget’s Kiss’ agus sean-amhráin ar chuir sí foinn úra leo ar nós ‘Mál Bhán Ní Chuilleannáin’ – mar chruthúnas ar an méid sin.

Ón iníon léinn chúthail i gCúl Rathain, feicimid muinín Eithne ag fás le linn an scannáin agus bláth ag teacht ar a cuid ceoil agus cumadóireachta.

Is scéal spéisiúil ann féin é an t-aistear mór ceoil ar thug sí faoi in achar an-ghairid, i dteannta Gerry Ó Connor, a fear céile (thíos ar dheis).

In 1987 seoladh bailiúchán d’amhráin agus ceol as Oirialla le hEithne agus Gerry, Cosa Gan Bhróga, ar lipéad Gael Linn.

Nuair a fuair sí bás in 1999, bhí trí halbam seolta ag Lá Lugh, an banna a bhunaigh sí le Gerry, agus tús curtha aici le dhá albam eile, a tháinig le chéile i bhfoirm Bilingua in 2014.

Mheall Brigid’s Kiss, an dara ceirnín ag Lá Lugh, spéis ón mhórlipéad ceoil Sony agus ba ar an lipéad sin a seoladh Senex Puer in 1998, a tharraing aird idirnáisiúnta ar an ghrúpa.

Bhí an chosúlacht ann go raibh cáil níos mó arís i ndán dóibh.

Caitear solas machnamhach siar ar laethanta seo Lá Lugh sa scannán faisnéise, le Gerry agus mac eile le hEithne, an fidléir agus léiritheoir cumasach Dónal, ag roinnt a gcuimhní cumhachtacha pearsanta ón tréimhse.

Pléann siad ceol agus cruthaitheacht Eithne, a bhí ag dul i méid sa stiúideo agus ar stáitse, na laethanta maithe ar an bhóthar, agus an tinneas meabhairshláinte a bhuail í le linn an ama sin.

Agus í ag iarraidh theacht ar mhíniú éigin ar na mothúcháin a tháinig leis an dúlagar, chum sí amhráin mhóra mar ‘Meabhráin Samhraidh’ agus ‘Grief’.

Is léiriú iontach iad na saothair seo ar chumas Eithne mar chumadóir agus í ag déanamh cur síos ar a tinneas.

Ní gá a rá ach gur scéal thar a bheith brónach é scéal Eithne, go háirithe mar gur cailleadh í go luath ina saol.

Tá sé deacair gan cuimhneamh ar na hamhráin agus an ceol a bhí fós le theacht nó ar an saol fada a bhí roimpi lena clann.

Ach is teistiméireacht é Idir Dhá Shaol ar an oiread a bhain Eithne amach ina saol gairid agus ar an oiread grá a scaip sí agus í beo.

Ní bheidh a leithéid arís ann, ach mairfidh croí Eithne ina clann, ina ceol agus anois sa scannán speisialta seo go ceann i bhfad.



Craolfar Idir Dhá Shaol ar TG4 anocht ag 9.30in. Taispeánfar Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin, ceolchoirm in ómós dá saothar ceoil ar an 28 Nollaig ag 8.45in ar TG4. Beidh Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh & Pauline Scanlon i measc na gceoltóirí ar ardán.