‘Mashup’ d’amhráin náisiúnta á scaipeadh go forleathan


An lá inné rinne an Phacastáin ceiliúradh ar Lá na Saoirse, agus inniu tá a ‘céile comhraic’ traidisiúnta, An India, ag comóradh a neamhspleáchais féin chomh maith.

Rialtas na Breataine ar ndóigh a chinntigh an t-aighneas idir an dá thír nuair a scoilt siad óna chéile iad in 1947 agus ó shin ar aghaidh is minic an India agus an Phacastáin in adharca a chéile, go háirithe maidir leis an Chaismír, ceantar a bhfuil easaontas ann faoi i gcónaí.

Tá iarrachtaí ar siúl i rith an ama, áfach, chun caidreamh níos fearr agus níos tuisceanaí a chothú idir daoine ar an dá thaobh den teorainn agus tá an ceann is úire ag mealladh go leor airde ar líne.

Amhrán atá ann (thuas) a mheascann aintiún náisiúnta an dá stát agus ina nglacann ceoltóirí aitheanta Pacastánacha agus Indiacha páirt.

Táthar ag baisteadh ‘aintiún síochána’ ar an rian úr atá feicthe anois ag na sluaite ar na meáin shóisialta agus tá súil ag an dream taobh thiar de, an grúpa Facebook Voice of Ram, go gcloisfear a theachtaireacht síochána go forleathan san India agus sa Phacastáin araon.

Tosaíonn an t-amhrán leis an líne “Nuair a osclaímid ár dteorainneacha don ealaín, tagann an tsíocháin ina dhiaidh” agus, tar éis an dá amhrán náisiúnta, críochnaíonn an físeán le “seasaimis le chéile ar son na síochána”.

Teachtaireacht fhónta gan amhras, ní díreach do mhuintir an dá thír seo amháin ach dúinn ar fad.