‘Meon na hAoise’ – Albam Paindéime eisithe ag Oisín Mac Giolla Bhríde

Tá albam an cheoltóra Oisín Mac Giolla Bhríde, Meon na hAoise, anois ar fáil ar Spotify, Bandcamp agus “gach áit eile”.

San earrach, agus an tír curtha faoin dianghasáil den chéad uair, chaill an ceoltóir Gaelach “a ioncam uilig thar oíche” agus a chuid gigeanna go léir curtha ar ceal.

Thapaigh Oisín an deis nua a bhrúigh an saol air, áfach, agus chrom ar albam nua a scríobh agus a thaifeadadh agus é sáinnithe sa bhaile.

“Bheartaigh mé go mba cheart dom an tréimhse seo a úsaid mar dheis agus tabhairt faoin oiread ealaín agus is féidir liom a chruthú a shaothrú [do mo leantóirí],” a d’fhógair sé dá leantóirí ar Twitter i mí Aibreáin.

Luigh sé isteach ar an obair agus tá an t-albam iomlán, a bhfuil 12 rian ann, ar fáil saor in aisce ar na hardáin éagsúla anois. Tá leathanach Patreon ag Oisín anseo ar ar féidir airgead a thabhairt dó as an gceol úr Gaelach seo a chruthú dúinn!