Moreno Veloso – Coisa Boa
Só séiseach Brasaíleach...

Moreno Veloso – Coisa Boa (Luaka Bop)
4/5


Is deacair éalú amach ó scáth d’athar sa chás go raibh an sean-leaid liath ina cheoltóir mór le rá romhat.

Déarfadh Rufus Wainright (mac Louden III), Enrique Iglesias (mac Julio) agus Norah Jones (iníon Ravi Shankar) go dtiocfaidh tallann ar uachtar pé rud é, ach fiafraigh de Harper Simon (mac Paul) nó Sean Lennon (mac John) agus bheadh freagra eile acu.

Ag glacadh leis an gcaolseans go mbeadh ainmneacha Harper agus Sean cloiste agat in áit éigin cheana, gheallfainn nach n-éireodh leat an oiread agus port amháin dá gcuid a lua.

Seans nach bhfuil ainm athair Mhoreno Veloso cloiste agat in aon chor, ach tá Caetano Veloso ina sheod násiunta ina thír dhúchais, An Bhraisíl.

Duine d’ailtirí na stíle tropicália é Caetano – giotáraí, amhránaí agus gníomhaí polaitiúil a bhfuil naoi gcinn de Latin Grammys bronnta air.

Leigheas Moreno ar cháil a athar ná céim leataoibh a ghlacadh agus díriú ar cheird an léiritheora fhuaime.

albam

Is é ‘Coisa Boa’ an chéad saothar uaidh ó bhronn an bíobla ceoil Pitchfork 8.4 as 10 ar albam début ‘Music Typrewriter’ siar sa bhliain 2001, an chéad cheann de thríréad albaim a dhein Moreno a thaifeadadh lena chairde Domenico Lancelotti and Alexandre Kassin.

Ó shin i leith tá a chuid ama caite i mbun léiriú fuaime ar sheisiúin de chuid ceoltóirí eile (trí albam de chuid Caetano Veloso féin ina measc).

Níorbh am amú é: tá ‘Coisa Boa’ ina phléisiúr ó thús go deireadh, agus cé go bhfuil an ceirnín ag cur thar moill le fonnta láidre is iad na cleasanna fíneáilte, beagnach do-airithe, fuaime a bhfuil fite go dlúth ann ag Moreno a chuireann beocht agus imghluaiseacht ar leith sa cheol.

Tá meascán stíleanna le clos, ach leis an bhéim i gcónaí ar shéiseachas – bíodh port a bhogann ó sheoithín de phort casta go láimhíneach ar an ngiotár acústach go func scaoilte bossa i gceist (‘Um Passo E Frente’), caochadh súile do cheol an scannáin Zorba The Greek (‘Verso Simples’), nó díséad de bhailéad rómánsúil (‘De Tentar Voltar’) go samhlófá Múm na hÍoslainne ar bogmheisce i mBahia leis.

Saothar fíor-thaitneamhach, ná bíodh Moreno Veloso faoi scáth a athar níos mó.


Éist le ‘Verso Simples’ ón albam: