Na Píobairí sa Cobblestone
Seisiún ar leith uair sa mhí

Session with the Pipers, Tigh Tábhairne an Cobblestone, BÁC / Dé Máirt 5 Bealtaine ó 9in


Tá ócáidí ceoil eagraithe ag Na Píobairí Uilleann i gceann des na tithe tábhairne is deise liom i mBaile Átha Cliath, The Cobblestone.

Bhí cónaí orm i gceantar Mhargadh na Feirme ar feadh tamaillín, ag deireadh na noughties, agus thaitneodh sé go mór liom piúnt a ól ann, ar láthair atmaisféarach.

Tá clú an cheoil ar an bpub seo ar ndóigh agus uair sa mhí do thréimhse an tsamhraidh bheidh na seisiúin leis na Píobairí seo ar siúl, ar an gcéad Mháirt den mhí.

Anocht bígí ag súil le Joe McKenna ar na píoba uillinn, an fidléir Paul Bradley agus an bheirt Dermot: Byrne ar an gcairdín agus McLaughlin ar an bhfidil.

An-oíche geallta.