Neart sonais, píosa donais
ar albam nua The Jesus And Mary Chain

The Jesus & Mary Chain – Damage and Joy

Póg na beatha don rac-cheol ailtéarnach ba ea albam début The Jesus and Mary Chain, Psychocandy, nuair a eisíodh siar in 1985 é.

Le hamhráin mar ‘Never Understand’ agus ‘Just Like Honey’ d’éirigh leis na deartháireacha Reid as Glaschú na hAlban fuaim a chruthú nár smaoinigh éinne eile tabhairt faoi rompu: popcheol suáilceach i stíl na Beach Boys, nó fiú girl-pop na Ronettes, casta le brúidiúlacht shonach The Velvet Underground.

Amhráin searbh-ach-milis lán d’fhuath don saol mór agus ionsaithe riastartha giotáir tiomáinte ag drumadóireacht bhuntúsúil Bobby Gillespie (a bhain cáil amach níos déanaí mar amhránaí Primal Scream).

Ag an am mhol na criticeoirí don ngrúpa scaradh – mheasadar ná bhféadfadh JAMC foirfeacht Psychocandy a shárú.

Bhí dul amú orthu.

Le Darklands (1987) léirigh JAMC go rabhadar go maith ábalta amhráin ghrá a chumadh a bhí láidir a dhóthain le go bhféadfaí iad a chasadh ar ghiotáir acústacha.

Léirithe le snas ag an dordadóir Youth (Killing Joke), tá Damage and Joy ar an gcéad albam leis an Mary Chain le 19 mbliana.

Fuaim mheasartha ghlan dhinimiciúil atá le clos don gcuid is mó, le macallaí láidre d’albaim mar Automatic (1989) agus Honey’s Dead (1991).

Mar a bhí riamh fíor i gcás albam an Mary Chain tá neart singilí maithe le clos.

Tá an díséad ‘The Two of Us’, i dteannta Sky Ferreira, ar an gceann is fearr acu, leis an gcurfá rómánsúil “The two us are gettin’ high / We don’t need drugs, cos we know how to fly”.

Mar a bhí riamh fíor, freisin, i gcás ceoil JAMC tá Damage and Joy lofa le cliché-anna rock ‘n’ roll.

Bheadh rud éigin amú mura raibh; níl aon duine ag iarraidh ar an Mary Chain athrú.

Maireann na deartháireacha Reid i ndomhan rock ‘n’roll dá gcuid samhlaíochta féin i gcónaí.

Domhan ina gcaitheann gach duine spéaclaí dubha Ray-Ban, agus ina gcanann rac-amhránaithe le blas Meiriceánach, is cuma cad as dóibh.

Domhan ina mbraitheann giúmar an duine níos mó ar an aimsir agus pé druga a bhfuil mí-úsáid á baint acu as seachas ar rátaí úis na mbanc ná polasaí eachtrach amadán an Tí Bháin.

Má tá fonn ort éalú isteach sa domhan úd níl amhráin mar ‘Always Sad’, ‘Facing Up To The Facts (“I hate my brother and he hates me / That’s the way it’s supposed to be”) agus ‘Get On Home’ (“I spent the night with a blow-up doll and some LSD) le sárú mar fhuaimrian.

Ní mór neamhaird a dhéanamh de cheathrú dheireanach an albaim, áfach.

Tá lag-chaighdeán na scríbhneoireachta scanrúil (ar ‘Can’t Stop The Rock’, go háirithe).

Is cuma, ar shlí – ba leor riamh 45 nóiméad mar fhaid ar albaim de chuid The Jesus And Mary Chain.