Neosann an aimsir…
'Weather Diaries' díomách seolta ag Ride tar éis 20+ bliain

“You have to understand,” a dúirt Loz Colbert, drumadóir an ghrúpa shoegaze Ride thiar in 1991, “if you take any of the elements out of Ride the sound goes completely.

Ní raibh bréag á hinsint ag Colbert.

Grúpa ceoltóirí i mbarr a maitheasa atá le clos ar albam début Ride, Nowhere (1990).

Ach chun fuaim dhraíochtúil an albaim úd a bhaint amach bhí ar bhaill an ghrúpa bheith ar aon tuiscint lena chéile faoina raibh siad ag iarraidh a bhaint amach.

Cén chiall a bheadh le drumadóireacht Colbert gan falla fuaime ghiotár Andy Bell agus Mark Gardener a bheith ag tuargaint aige?

Cad is fiú don gceol séiseach milis, do na dord-línte móra mealltacha agus do na harmóiní lonracha gan smúit agus anord mar chodarsnacht orthu?

“Diail mhaith” é an freagra, más fianaise na trí albam eile a d’eisigh Ride sular scair an grúpa in 1996.

Tá corr-amhrán maith le haimsiú ar Going Blank Again (1992), le bheith macánta faoi.

Ach ba thús é le cúlú an ghrúpa ar a mbun-fhuaim shoegaze agus a thitim tapa i dtreo na neamhábharthachta, go háirithe agus éisteoirí óga na 90í meallta ag fuaimeanna an cheoil leictreonaigh, grunge agus Britpop. (Chaith Andy Bell na blianta 2000 – 2009 mar dhordóir an leis an ghrúpa Oasis).

Insíonn “Carnival of Shite”, an rud a thug Ride féin ar a n-albam retro-rock Carnival of Light (1994) a scéal féin.

Ach cad atá le clos ar Weather Diaries, an chéad albam le Ride le breis agus scór bliain mar sin?

Tá i bhfad an iomarca cleasa bainte ón gceol sícideileach agus krautrock a bhuíochas le hobair léiriúcháin an dioscmharcaigh Erol Alkan (Beyond The Wizards Sleeve), gan caint ar chomhbhrú plúchta (lagú mór) ar fhuaim dhrumaí Colbert ar amhráin mar ‘Charm Assault’.

Tá ‘Home Is A Feeling’ ar an rud is giorra le fuaim shoegaze na 90í, cé go bhfuil sé níos cosúla le hamhráin mar ‘Slow’ de chuid My Bloody Valentine ná aon phíosa ó iar-chatalóg Ride féin.

Fiú má ghlacann tú leis nach raibh sé i gceist ag Ride go mbeadh Weather Diaries ag teacht lena n-ablam début Nowhere, is é an laige is mó anseo, agus ceann a loiteann Weather Diaries mar shaothar, ná droch-chaighdeán liricí Gardener agus Bell.

Ba chiotrúnta tútach iad beirt riamh mar liriceoirí (shamhlófá The Cure i mbun aithrise ar New Order agus tú ag éisteacht le línte glana ‘Lannoy Point’).

Siar in aimsir Nowhere agus iad fós ina ndéagóirí, nach mór, bhíomar sásta glacadh le hamhráin shoineanta uathu faoi áilleacht ban folaithe agus a folt fada gruaige (‘Like A Daydream’), nó imní eiseach den saghas is bunúsaí (‘Dreams Burn Down”).

Agus iad ag tarraingt ar a gcaogaidí anois tá sé de mhisneach acu tabhairt faoi ábhair níos téagartha, níos polaitiúla mar Brexit b’fhéidir nó ais-éirí an fhaisisteachais (‘Lannoy Point’, ‘All I Want’).

Nach é an trua é, mar sin, nach bhfuil aon fhorbairt tagtha ar a gcumas scríbhneoireachta thar na blianta?

Tá amhráin rómánsacha mar ‘Cali’ níos measa fós, iad lofa le leathrainn laga leamha mar “blue ocean, white water views / walking back from the beach with you.”

Uaireanta nuair nach bhfuil faic le rá agat is fearr gan faic a rá.

Aimsigh agus éist le Nowhere le Ride muna bhfuil sé cloiste cheana agat, ach ná bac leis an raiméis seo d’albam.