“Ní fhaca mé an t-imeall!”
Timpiste ardáin ag The Edge aréir

Fágadh giotáraí U2 The Edge beagáinín dearg san aghaidh aréir nuair a thit sé den ardán agus an banna ag cur túis lena chamchuairt is déanaí i Vancouver Cheanada.

Níorbh fhada gur postáladh roinnt físeán ar líne á thaispeáint ag siúl as imeall an stáitse agus iad i mbun ‘I Still Haven’t Found What I’m Looking For’ a sheinm do na sluaite ar an chéad oíche den chamchuairt iNNOCENCE + eXPERIENCE.

Go gairid ina dhiaidh, áfach, chuir an banna féin pictiúr in airde den fhear bocht agus gearradh beag ar a ghéag deas, ag maíomh nach ndearnadh aon damáiste dáiríre.

"Didn't see the edge, I'm ok!! #U2ieTour

A photo posted by U2 Official (@u2) on