Cad é seo, go dÃreach?
Tá ceirnÃnà Planet Mu 20 bliain ar an bhfód.
Seo 50 rian de cheol leictreonach curtha le chéile thar thrà dhluthdhiosca ag úinéir an lipéid, Mike Paradinas.
Ceol nár eisÃodh cheana ar fad atá le clos, idir rianta úra ó Ital Tek, Mr Mitch, Kuedo is Herva, agus seoid ó ársaà urrúnta mar Jega, Mark One, Venetian Snares agus Datach’i a bhà ina suà ar an tseilf.
BunÃodh Planet Mu ar dtús mar fho-lipéad de cheirnÃnà Virgin go speisialta chun ceol Mike Paradinas (μ-Ziq) a eisiúint.
Ghlac Paradinas féin seilbh ar an lipéad in 1998.
Tá cáil an mhisnigh ar Pharadinas as ceol na stÃle footwork a chur ar ardán domhanda leis an mbailiúchán Bangers & Work Vol. 1 (2010), ach léirÃonn µ 20 go raibh a mhéar riamh ar chuisle bhÃogach an cheoil leictreonaigh thuathalaigh aige – bÃodh IDM, breakcore, ceol dubchéime nó grime i gceist.
An bhfuil aon mhaith ann?
Tá rian na foirfeachta ar an ‘Slow Knife’ fuar, dorcha, atmaisféarach le Kuedo a chuireann tús le diosca #1.
Port damanta fÃochmhar breakcore é ‘Meeting A Buddha’ le Venetian Snare a bhfuil iomaà cor agus casadh le clos ann thar thréimse ocht nóiméad.
Blaisfear ceol jungle na sean-ré faoi dhó i bhfoirm ‘Thunderclap (Dubplate Mix)’ (2009) le Remarc agus ‘Le Ol Skool’ (2011) le Machinedrum.
Tá ‘103’ (1997) le Jega ar nós ‘Stem’ Dj Shadow athshamhlaithe ag Richard D James.
Buillà móra hip hop i dtraidisiún Pete Rock comhnasctha le mÃlseacht shéiseach Boards Of Canada atá le clos ar ‘Cloud Sculpture’ (2002) le Dykehouse.
Is iontach cliste mar a ghearann Milanese suas an cur i láthair ó MC garage athnaithnid (Dizzy Rascal, measaim) ar ‘1 Up’ (2004) i dtreo is go bhfuil brà na bhfocal go hiomlán doiléir ach gan aon laghdú ar bhlas trodach an rap féin.
Bà ag súil, freisin, le rianta breátha dub-techno (Ital, Ekoplekz), footwork (DJ Trax, DJ Nate, Jlin & Fawkes), IDM (John Wizards, Mu-ziq), grime (Silk Road Assassins, Vex’d, Swindle), agus house/garage (Oriol, Falty DL athmheascaithe ag Zed Bias, The Gasman).
LaigÃ?
Is agat a bheadh an fhoighne dá n-éireodh leat suà trÃd iarrachtaà Hellfish, Ed Lawes, Hrvatski, agus Leafcutter John nÃos mó ná uair amháin.
Cé nach bhfuil aon chúis dhÃomá ró-mhór ann don éisteoir guasach caithfear a rá go bhfuil μ 20 beagáinÃn ar fud na háite ó thaobh stÃle agus caighdeáin de.
Is trua nár iarr Paradinas ar dhioscmharcach samhlúil éigin mar DJ Food a rogha rianta as iar-chatalóg cheirnÃnà Planet Mu a fhà le chéile mar shaghas cuairt ghaisce.
An breithiúnas?
Tiomsachán breá, ach ar chúis éigin nÃl spiorad ceart an cheiliúrtha ag baint leis.