‘Po Krugu’ uSSSy agus Albaim eile na Míosa

Botany – ‘End Summertime F(or)ever’ (Western Vinyl)

Táim faoi gheasa ag ceol Botany (Spencer Stephenson) as Austin, Texas ó tháinig a chéad albam, Lava Diviner, inár dtreo siar in 2014. Ar nós shaothar Four tet agus Romare is colláisí teibí fuaime iad poirt Botany atá tógtha as samplaí agus lúibíní scaoilte comhghlasáilte.

Is ag feabhsú le himeacht aimsire atá Botany, rud nach féidir a rá i gcás Four Tet nó Romare, agus tá End Summertime F(or)ever ar an albam is funcáilte uaidh go dtí seo.

Albam coincheapa é, ina dtugtar suntas den chaoi nach ag súil le teas an tsamhraidh ach a mhalairt a bhíonn daoine i mórán áiteanna ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann, de dheascadh thionchar an athraithe aeráide. Éiríonn leis a phointe a chur in iúl go sciliúil is go grinn thar 16 rian, idir dhioscó-house griandóite, hip-hap teibí lán dord, agus psychedelia guairneánach a mbeidh fonn ort éisteacht leo d’aon sruth amháin.

Ceoltóirí Éagsúla –‘ La Locura De Machuca’ (Analog Africa)

‘Gealtachas Machuca’ is ciall le teideal an bhailiúcháin seo a ina ndírítear ar na heisiúintí is eachtrúla a d’eisigh lipéad Machuca na Colóime sa tréimhse idir 1975 agus 1981. Dlíodóir agus iniúchóir cánach ab ea úinéir cheirníní Machuca, Raphael Machuca, a chaith uaidh post sinsearach i státseirbhís na Colóime chun an lipéad a bhunú tar éis dó oíche a chaitheamh i mbun ragairne le muintir bhaile Barranquilla ar chósta Cairibeach na tíre. 

Cleamhnas eachtrúil idir rithimí Laidineacha, dord frithbhuailte Cairibeach agus eilimintí de stíleanna Afracacha mar high life, afrobeat agus soukous ata romhat ar ‘ La Locura De Machuca’. Bailiúchán é lán de spiorad na cóisire agus ceol garbh hiopnóiseach.

Is fada uainn cóisirí trá an tsamhraidh, má bheidh siad ann in aon chor, ach is gleoite an bhrionglóid agam í a bheith ag rince leis an gceol seo cois na sáile,  gloine rum ‘s’ cóc im dhóid agus an ghrian ag dul faoi..

uSSSy – ‘Po Krugu’ (Koolarrow)

Níl aon rud díreach cosúil le ceol na beirte seo,  Artem Galkin (giotár) agus Pavel Eremeev as Moscó na Rúise, cloiste cheana agam. Fuaim noise-rock a bhaineann leas agus inspioráid as scálaí agus teicnící ceoil an Mheánoirthir atá le clos ar ‘Po Krugu’, deichiú halbam an ghrúpa. Ceol dian, dinimiciúil atá chomh trom in áiteanna le ceol miotal, agus a bhfuil cora agus castaí inspioráideacha go leor ann.

Cas an steirieo  suas go barr ar fad, a dhuine chóir. Lig biúr asat. Ná bíodh náire ort cic nó dhó a thabhairt don troscán. In aimsir seo na dian-bhaileathachta tá gá lena leithéid!