Purgadóir
Blaiseadh d'albam úrnua Rís


Ceann de na fáthanna ar bunaíodh NÓS ná chun ardán a chur ar fáil don nuacheol Gaeilge agus cuireann sé gliondar ar ár gcroíthe go bhfuil níos mó bannaí agus amhránaithe ag cumadh inár dteanga féin gach bliain.

Banna amháin a ghlac cur chuige ceannródaíoch le maoiniú a mhealladh dá gcéad albam eile ná racairí Chonamara, Rís.

Breandán Ó hEaghra, Richie Ó hEadhra, PJ McDonagh agus Pat Ó Neill atá sa ghrúpa agus anuraidh reachtáil siad feachtas sluamhaoinithe ar fundit.ie chun airgead a bhailiú ón phobal, airgead a rachadh i dtreo costais an taifeadta a chlúdach.

D’éirigh leo agus anois tá na leaids ag cur bailchríche le ‘Yahú’, a dtríú albam a sheolfar i mí Mhárta.

Ach, ar an dea-uair, ní gá dúinn fanacht cúpla mí eile chun blaiseadh dá gcumadóireacht nua a fháil mar go bhfuil físeán gleoite – sícideileach in amanna fiú – díreach eisithe acu den chéad traic ar an albam, Purgadóir.

Rac-amhrán láidir é le rif chumhachtach agus fonn greamúil, in ainneoin an téama dhorcha!

“Tá geataí móra na bhflaitheas le feiceáil, muide fágtha fúthu taobh amuigh, tá Peadar ag an doras ag seiceáil, ach níl m’ainm-sa sa leabhairín mór dubh…”

Tá muid ag súil go mór leis an albam iomlán. Tuilleadh sonraí faoi go luath.