Réalta Mhúscraí…
mar phríomhamhránaí nua Danú!

D’fhógair Danú ar na meáin shóisialta inné gurb í Nell Ní Chróinín príomhamhránaí nua an bhanna.

Dúradh sa phostáil go raibh i gcónaí ceangal láidir ag an ghrúpa leis an Ghaeltacht agus go raibh an-áthas orthu go mbeadh amhránaí óg Mhúscraí – atá sáite i dtraidisiún amhránaíochta iarthar Chorcaí – ag teacht i dteannta leo.

Is amhránaí óg í Nell a thug léi Corn Uí Riada dhá bhliain ó shin agus ar bronnadh an mórghradam TG4 ‘Amhránaí na Bliana’ uirthi roimhe.

amhranai

Ag labhairt di le NÓS dúirt Nell go raibh sí ar bís ar fad faoin nuacht agus nach raibh súil ar bith aici leis.

“Tháinig sé aniar aduaidh orm nuair a fuaireas an cuireadh dul ag canadh le Danú,” ar sí.

“Is banna ceoil iad go raibh agus go bhfuil ard-mheas agam ar a chuid ceoil.”

“Tá an-chuid amhránaithe a chan leo thar na blianta ar nós Cárthach Mac Craith, Ciarán Ó Gealbháin agus go dtí le déanaí Muireann Nic Amhlaoibh agus is mór an onóir dom go mbeidh mé ag leanúint ina gcoiscéimeanna siúd.”

Tá Danú breis agus 20 bliain ar an fhód agus iad ar cheann de na bannaí traidisiúnta is rathúla dá bhfuil ann.

Beidh Nell ag tabhairt camchuairte timpeall SAM ag deireadh mhí Feabhra leis an bhanna agus í ag tnúth go mór leis.

“Dár ndóigh is athrú ollmhór é seo domsa, ach táim ar bís tabhairt faoina bheith ag roinnt stáitse leis na ceoltóirí iontacha sa ghrúpa.”

muireann

Roimh Nollaig d’fhógair Muireann Nic Amhlaidh – príomhamhránaí Danú ó bhí 2003 ann – ar a leathanach Facebook go raibh sí ag éirí as an bhuíon chun am a chaitheamh sa bhaile lena clann óg.

“Ní féidir leis an gobadán an dá thráigh a fhreastail, so beidh an gobadán seo ar an dtráigh i gCorca Dhuibhne le m’iníonacha óga agus m’fhear céile,” a scríobh sí.

Dúirt Muireann le NÓS go raibh sé ró-dheacair na leanaí óga a fhágáil ar feadh seachtainí as a chéile ach go raibh sí an-bhuíoch as na blianta sultmhara ar fad a chaith sí i mbun ceoil le Danú.