Rí an cheoil Bubu…
ar ais le halbam anamúil fíneálta

Janka Nabay – Build Music


Níl aon áibhéil i gceist le rá gur “rí an cheoil bubu” é Ahmed Janka Nabay as Siarra Leon in Iarthar na hAfraice.

Stíl cheoil fhuinniúil, bheoga é bubu atá fréamhaithe i gceiliúradh mhuintir Mhoslamach Shiarra Leon ar dheireadh na tréimhse troscaidh bliantúla Ramadan.

Sna luath-90í thug Nabay faoina leagan nua-aimseartha féin de cheol bubu a thaifeadadh, tar éis do mholtóirí ag comórtas a raibh Nabay chun páirt a ghlacadh ann fiafraí de an raibh aon cheol dúchasach aige dóibh seachas an port reggae a bhí réitithe aige.

Bhíodar chomh meallta sin ag iarracht Nabay go ndearnadar urraíocht air chun tabhairt faoi ardchathair Shiarra Leon, Freetown, agus roinnt ceoil a thaifeadadh i stiúideo Forensic Recordings.

Ba é toradh an tseisiúin sin an chéad leagan taifeadta den gceol bubu riamh, agus díoladh na 10,000í caiséad de cheol Nabay fud fad na tíre.

Ta cónaí ar Nabay sna Stáit Aontaithe ó thús an chéid, nuair a theith sé ó chogadh cathartha fuilteach Shiarra Leon, is tá Build Music ar an dtarna halbam dá chuid atá eisithe ag lipéad Luaka Bop le hiar-amhránaí Talking Heads, David Byrne.

Seisiún i dteannta grúpa ceoltóirí Brooklyn-bunaithe, The Bubu Gang, a bhí i gceist le début Nagay don lipéad (En Yey Sah, 2012), ach ar Build Music cloisimid Nabay ag tógaint ceoil sa stiúideo ar mhodh atá i bhfad níos dílse dá bhun-fhís don cheol bubu.

Tá baill an Bubu Gang fós páirteach, ach níl aon amhras gur fear na stiúrach é Nabay an babhta seo.

Tá creatlach leictreonach ag an gceol seo, agus lena amhránaíocht mhacallach dhúchasach agus rianta léirithe ag luas 150+bpm, is deacair gan comparáid a dhéanamh idir Build Music agus stíl Shangaan electro an léiritheora Nozinja as an Afraic Theas.

Cosúlacht eile le ceol Nozinja ná fuaim Nabay bheith chomh fuinniúil, dinimiciúil gan a bheith riamh trom.

Ceol rince é babu Nabay, ach iarann poirt mar ‘Monica’ agus an ‘Bubu Dub’ gleoite ort do chromáin a luascadh ó thaobh go taobh seachas tabhairt faoi pógó-áil suas is síos.

Le bheith macánta, tá anam agus fíneáltacht ceoil anseo nach bhfuil le haimsiú sa Shangann electro.

Thar aon rud eile, is ceol imirce é Build Music.

Canann Nabay i dteangacha éagsúla, ach fiú nuair nach bhfuil na focail le tuiscint tá idir bhrón is áthas, chumha agus cheiliúradh le braistint in amhráin mar ‘Game Ova’ agus ‘Angbolieh’.

Mar a deir an fear féin is é ag cur síos ar a thír dhúchais, “Everywhere is sorrow, tears, blood and happiness. At the same time.”