Rianta na Bliana le Dukwa

DJ/léiritheoir as Florence na hIodáile é Marco D’Aquino (Dukwa) atá rinne ceirníní snasta house ar lipéid ar nós Numbers, Bosconi agus a lipéad féin, Dukwa. Mheall a 12” is déanaí, Wire, mo chluas nuair a eisíodh le déanaí é de bharr anamúlacht an phríomhriain (‘Akira’) agus port garbh, glic léirithe in ómós do ‘Strings Of Life’ le Derrick May a  d’aimsíos ar chúl an cheirnín (‘Violet’). 

Chuaigh mé i mbun cainte le Marco go gcloisfinn cad ab ea iad na rianta ón bhliain 2019 is mó a raibh dúil aige féin iontu.


The Vision featuring Andreya Triana –  ‘Heaven’  (Defected Records)

“Déarfainn gur éist mé leis seo na mílte uair ó tháinig mé ar dtús air. Is breá liom ceol ina mbíonn meascán d’eilimintí func, house agus dioscó le clos ann i cónaí.”


Dukwa – ‘Akira’ (Dukwa Music)

“Bhuel, is dúshlán dom i gcónaí é ach ar ‘Akira’ cloisim mo stíl house-cheoil pearsanta féin. Thaitin sé go mór liom ón lá a thosaigh Em (amhránaí an-chumasach as Roma) na píosaí gutha a sheoladh chugam. Tháinig mé ar an réimniú sin ó chorda go corda agus mé i mbun cleachtaidh ar mo Nord Stage 2 lá — is iad na rudaí a thagann chugat go fánach na rudaí is fearr. Is breá liom é!”


Kerrie – ‘Before Calm’  (Don’t Be Afraid)


“Bíonn blas úr, éagsúil i gcónaí ar eisiúintí cheirníní Don’t Be Afraid.  Ceann de na lipéid is gaire de mo chroí é, agus tá gach rian ar an EP seo le Kerrie go diail. Thit mé i ngrá le ‘Before Calm’ an chéad uair a chuala é. Tá scrios déanta ag an meaisín acid seo ar urláir rince pé háit a bhfuil sé casta agam.”


Santiago Salazar – ‘Piano Adjacent’ (Rapid River Records)

“Tá dúil mhór agam in obair Santiago Salazar ón gcéad uair dom ceol leictreonach as Detroit a chlos. Buíochas le Eclair Fifi as an bpíosa aoibhinn seo!”

 
Lorenzo Fortino – ‘La Pazzia Del Cancro’  (Futop Musica)

“Seanchara de mo chuid é Lorenzo — úinéir siopa ceoil é, agus fear a bhfuil dúil mhór aige sa cheol timpeallach. Cuireann a eisiúintí le hoidhreacht ceoil leictronaigh bhaile beag mar Florence. Tá grá Lorenzo don gceol timpeallach agus don dteicneo araon soiléir le clos ar an bpíosa ealaíne seo.”

Wire le Dukwa le fáil anois ar cheirníní Dukwa.