Rianta na Bliana le Steffi

Is DJ tí sa Panorama Bar in Berlin í Steffi — dj/léiritheoir Ísiltíreach atá ina húinéir, freisin, ar na scoth-lipéid teicneo/leictreo Klakson agus Dolly

Os rud é go raibh Steffi agus an dj/léiritheoir ildánach Martyn freagrach as ceann de na bailiúcháin is taitneamhaí a tháinig i mo threo le blianta beaga anuas d’iarr mé uirthi a rogha de rianta ceoil leictreonaí na bliana seo caite a roinnt linn. 

Seo agat, mar sin, na ceirníní is mó a thug sásamh do Steffi agus í i mbun na gcaschlár le linn na bliana 2019.


Dust-e-1 – The Cosmic Dust EP (DustWORLD)

“Teicneo domhain, fíneáilte, tarchéimnitheach den chéad scoth.”

Nullptr – Alopex EP (Fanzine)

“Cúig chinn de rianta leictreo fíor-atmaisféaracha.”

Ceoltóirí Éagsúla ‎– Electro Music Union, Sinoesin & Xonox Works 1993 – 1994 (Ava/Cold Blow)

“Ath-eisiúint iontach de scoth an cheoil “deep bleep” ó ré na sraithe Artificial Intelligence.

Negroni Nails – Negroni Nails EP (Klakson)

“Ceol leictreo-teic ar ardluas do lucht rince atá ag lorg laisce.”

Datawave – Physical Sensor – Electric Eclectics Ghost Series (Fundamental)

“Ceol gleoite 4/4 mar a gcleachtar i nDetroit é.”