Rianta na Míosa – Feabhra
seinnliosta NÓS ar Spotify

Seo chugaibh Rianta na Míosa — Feabhra, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas. 


Tá 20 rian ar sheinnliosta na míosa seo agus réimse leathan ceoil ann. Tá stíleanna idir indie-rac, hip-hap, house, agus snagcheol, i measc stíleanna eile le cloisteáil ann agus rogha mhaith ceoil as Éirinn chomh maith le tíortha eile an domhain. 

Is iad God Knows, The Lock-In agus Song Sung na ceoltóirí as Éirinn atá ar sheinnliosta na míosa agus ceol nua ó gach duine acu ann. 

Tá ábhar ó albaim úra de chuid King Krule (a ndearnadh léirmheas air anseo), Orielle, Web Web agus Juniore, chomh maith le singil nua ó Andrew Weatherall, a d’imigh ar shlí na fírinne le déanaí. 

Tá rianta nua ó Maruice Fulton agus Peggy Gou, ó Greymatter, Kutiman, Onipa, Cleveland agus Wilma Archer & MF Doom, chomh maith le leagan nua den amhrán ‘Bizarre Love Triangle’ déanta ag Desire. 

Rinne Ski Mask athmheascú ar Konx-Om-Pax, agus tá sé sin le cloisteáil ar sheinnliosta mhí Feabhra, agus tá amhráin atheisithe ag Les Jaguars, Priscilla Ermel, Super Combo agus Kollington Ayinla le cloisteáil ann freisin. 

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!