Rianta na Míosa – Meán Fómhair
seinnliosta NÓS ar Spotify

Tá mí eile den ainbhliain 2020 curtha dínn agus seinnliosta nua ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin dúinn. Tá 20 rian roghnaithe ag Ben an mhí seo agus rogha leathan cheoil ann idir phunc, dhioscó, leictreo, cheol domhanda agus seánraí eile nach iad. 

I measc na gceoltóirí Éireannacha atá ar liosta na míosa seo tá Post Punk Podge & The Technohippies, agus Tommy Holohan; tá ceol óna halbaim nua a chuir Idles, Botany, agus Phuture; agus rianta nua ó Matthew Halsall, Sully, Radioactive Man, DJ Normal 4, Maisha, agus ceoltóirí idirnáisiúnta eile. 

Mar a bhíonn gach mí, tá ‘seoda atheisithe’ ar Sheinnliosta NÓS, agus an mhí seo tá ceol ó Positive K, A Bossa Eletrica agus Sir Joe Quarterman & Free Soul.

Ná déan dearmad NÓS a leanúint ar Spotify!