Rogha Nina Kraviz ar ‘Fabric 91’
Tá ceol uigeach le clos ar an eisiúint is úire sa tsraith chlúiteach

Cad é seo, go díreach?

Níl ach seachtar ban ar liosta na hirise ceoil Resident Advisor don 100 DJ is fearr sa bhliain 2016, agus tá an t-iarfhiaclóir Rúiseach agus úinéir cheirníní трип Nina Kraviz ar dhuine acu (ag uimhir 22).

Tá rogha Kraviz atá le cloisteáil ar Fabric 91 bainte ó dhá fhoinse ar leith aici:

1) ceol nár eisíodh cheana (Aphex Twin, PTU, Breaker 1 2, Orange Muice Man agus rianta Kraviz féin), agus

2) sean-cheirníní óna bailiúchán pearsanta nach bhfuil fáil go forleathan orthu (Woody McBride, ­Bedouin Ascent, Dj Slip, Mike Henk, I-F na hÍsiltíre, agus taifeadtaí mar Beverly Hills 808303).

Tá idir cheol ambient-techno Rúiseach, acid house aigeantach, trance dorcha agus, thar aon rud eile, scoth an cheoil acid techno le clos, is Kraviz ag stríocadh tríd 40 rian in achar 80 nóiméad.

An bhfuil aon mhaith ann?

Is minic a chloisfeá an téarma ‘turas ceoil’ mar chur síos ar an dj-mheascán.

Mheasfá uaireanta gur aistear ar autobahn-anna na Gearmáine a bhíonn sa cheann ag dioscmharcaigh techno, sinn á thabhairt ar thuras leadránach díreach ó A go B acu gan puinn athrú ar luas ná ar threo an cheoil.

Ní hamhlaidh i gcás rogha agus cur chuige Kraviz ar Fabric 91, ambaiste; tá an meascán seo chomh droimneach, lúbach le cúlbhóithre Thír Chonaill.

Is deas mar a shleamhnaíonn Kraviz fuaim techno leaisteach Torul V na hÍoslainne (‘Denwer’) isteach ina port féin (‘Pochuvstvui’) roimh di seod trance dorcha gan cháim de chuid Mike Henk (‘Dox-003 Untitled B1’) a leagadh anuas air.

Tá scoth an cheoil le clos freisin ó leithéid Nikita Zablin, PTU, Birk Brainwash agus Pete Namlook.

Laigí?

Trua nár thug Kraviz níos mó spáis anála do roinnt dos na rianta roghnaithe aici (níl cuid acu sa mheascadh ach ar feadh 6 shoicind!), ach ní fiú bheith ag gearán nuair atá caighdeán an cheoil chomh hard is atá tríd is tríd.

An breithiúnas?

Tá ceangail an ghnáis caite di go deas ag Kraviz. A thuilleadh de seo atá uainn seachas zombaithe de dhioscmharcaigh lena gcloigne sáite sna scáileáin ríomhaire acu!


Beidh doirse Fabric féin i Londain ag athoscailt Dé hAoine 7 Eanáir 2017.