‘Sais m’Athar Mhóir!’
& amhráin eile na bhFear Buí ar RnaG

Bhí giota craice ar Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu le linn míre faoin 12 Iúil.

Ba é an Gael aontachtach aitheanta an Dr. Ian Malcolm as an Lorgain i gContae Ard Mhacha a bhí faoi agallamh ag Rónán Mac Aodha Bhuí agus é ag insint don chraoltóir réabhlóideach faoina thaithí féin ar lá mór na nOráisteach.

Rinne Ian cur síos suimiúil ar an cheangal idir amhráin na bhFear Buí agus amhráin sa traidisiún poblachtánach agus chan sé cuid den ‘The Papist Goat’ agus ‘The Bold Orange Heroes of Comber’ (a bhfuil an port céanna aige le ‘Rosc Catha na Mumhan’ agus ‘Come Out You Black and Tans’) beo ar an aer, le Rónán ag cuidiú leis leis na liricí malartacha.

Ansin cuireadh iontas eile os ár gcomhair nuair a chas Rónán sean-taifeadadh a rinne an Conallach Liam Ó Conchúir den amhrán is mó sa traidisiún Oráisteach, ‘The Sash My Father Wore’.

Is leagan dátheangach é faoin teideal cliste ‘Sais m’Athar Mhóir’ agus is féidir éisteacht leis anseo!

Tá an mhír iomlán le fáil anseo.