Saothar amh gleoite
le Richard Swift The Shins & an cumadóir bisiúil Damien Jurado

Cumadóir agus amhránaí bisiúil indie-cheoil é Damien Jurado as Seattle Mheiriceá, a bhfuil 13 albam eisithe aige ón bhliain 1997.

Is mar bhall den ghrúpa indie-cheoil The Shins is mó atá cáil ar Richard Swift, ach is úinéir agus léiritheoir fuaime tí an stiúideo thaifeadta National Freedom in Oregon é chomh maith.

D’fhás cairdeas na beirte seo le linn do Jurado an t-albam Saint Bartlett a thaifeadadh i stiúideo Swift in 2010.

Nuair a bhí an seisiún úd thart chaith Jurado agus Swift deireadh seachtaine i mbun leaganacha d’amhráin le daoine eile a thaifeadadh díreach mar leithscéal chun a thuilleadh ama a chaitheamh i mbun ceoil i dteannta a chéile.

Saothar amh, gan snas é Other People’s Song’s Volume One, ach saothar gleoite ina shlí lo-fi féin.

Aithneoidh tú cuid dos na grúpaí agus amhránaithe go bhfuil a gcuid amhrán roghnaithe ag Jurado & Swift chun a gcruth féin a chur orthu (John Denver, Kraftwerk, Chubby Checker), ach tá ard-amhráin go leor anseo nach mbeidh cloiste cheana agat ina mbun-leaganacha.

Doo-wop géarmhilis ‘Outside My Window’ leis an tríréad The Fleetwoods ó 1959, mar shampla.

Nó ‘Hello Sunshine’ le síc-racairí na 70í Relatively Clean Rivers, agus garage-rock Link Cromwell (‘Crazy Like A Fox’).

Tá níos mó i gceist le Other People’s Song’s Volume One ná cuireadh don éisteoir dúghafach tabhairt faoi Youtube le dul sa tóir ar bhunleagannach na seod roghnaithe ag Jurado & Swift.

Tá athleaganacha na beirte ina bpléisiúr ceart iontu féin.

Ní haon diabhal blas amh na dtaifead seo ach a mhalairt.

Cé a dhiúltódh do ‘Radiocactivity’ le Kraftwerk athshamhlaithe mar amhrán ceol tíre síodúil i stíl Lee Hazelwood?

Nó leagan saofa americana de ‘Sweetness’ le Yes?

Tá leagan mall, diamhair, tragóideach de ‘Follow Me’ le John Denver le clos anseo, agus tugann Jurado & Swift an ‘Be Not So Fearful’ séimh, misniúil de chuid Bill Fay ar sciurd go Darklands The Jesus & Mary Chain.

Ceol corraitheach amach is amach.