Sár-eisiúintí 2016…
le Cillian King

Mar bhall dos na grúpaí Atlas agus Notify bhí ról lárnach ag an il-ionstraimí Cillian King in dhá cheann dos na halbaim is samhlaíche a chualamar ó cheoltóirí na tíre seo le linn 2016.

Dhein sé cur síos do NÓS ar na 5 albam is mó a chuaigh i bhfeidhm air i gcaitheamh na bliana.


1. In My Room, Jacob Collier (Qwest/Membran)

Tharraing an fear óg sárthréitheach seo m’aird cúpla bliain ó shin lena leagan de ‘Isn’t She Lovely’ le Stevie Wonder.

Ó shin tá leithéidí Quincy Jones, Herbie Hancock agus Chick Corea tar éis é a mholadh as a thalann uathúil.

Début riachtanach é seo, agus tús le saol ceoil a bheas fíor-spéisiúil.


2. 22, A Million, Bon Iver (Jagjaguar)

Bhí spéis agam riamh in aon rud a raibh baint ag Bon Iver leis, óna chuid oibre le Volcano Choir go Kanye West.

Bíonn gach albam difriúil ón gceann a tháinig roimhe, rud atá fíor arís sa chás seo.

Thar barr ar fad.


3. The Beautiful Game, Vulfpeck (Vulf Records)

Más ag lorg albaim a chuirfidh fonn rince ort agus meangadh ar d’aghaidh atá tú, ní gá dul níos faide.

Agus na heilimintí is fearr de cheol dioscó, Motown agus func meascaithe le groove dá gcuid féin, ní féidir gan bogadh nuair a chloiseann tú an ceol seo.


4. Gossamer, Pauline Scanlon

A céad albam le 10 mbliana, rud a chuir leis na sceitimíní.

Is í Pauline duine dos na hamhránaithe is giorra de mo chroí faoi láthair, gan aon amhras.

Tá rogha iontach amhrán déanta don albam seo, rogha a nochtaíonn gach gné d’aoibhneas a cuid amhránaíochta.


5. Arum, Arum

Braithim go bhfuil pearsantacht shonach ar leith ag an albam seo i gcomparáid le saothair eile i réimse an cheoil Ghaelaigh a eisíodh le déanaí.

Baintear feidhm as feadóga móra, fidleacha, bainseónna is giotáir i slite fíor-spéisiúla, agus séis an cheoil i gcónaí mar phointe fócais acu.


Tá ‘Atlas’ le Atlas díreach eisithe ar cheirníní Ropeadope. A thuilleadh le fáil eolais ag generationatlas.com