Sár-eisiúintí 2017
Le Coldcut

Úinéirí iad Coldcut (Jonathan More agus Matt Black) ar cheirníní Ninja Tune, agus beirt de na dioscmharcaigh is sciliúla agus is samhlaíche dá bhfuil le clos.

D’eisíodar albam úr i rith an tsamhraidh, an Outside The Echo Chamber lán doird comhléirithe i dteannta laoch dub-cheoil na Breataine Adrian Sherwood (On-U Sound).

Agus deireadh na bliana ag teannadh linn, dhein Jonathan More cur síos do Ben Ó Faoláin ar a rogha féin de shár-eisiúintí 2017.


1. KOKOKO! – Tokoliana (ICIyouare)

Banna den scoth as Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Léirithe ag Débruit, seo ceol Afracach leictreonach funcaíáilte den chaighdeán is airde a ardaíonn teas ar an urlár rince.


2. The Irresistible Force – Kira Kira (Liquid Sound Design)

Albam úr curtha faoinár mbráid ag Mix Master Morris.

Tá tamall fada ann ó d’eisigh rí seo an fhuaimdhreacha shuaimhneasaigh aon cheol nua.

Ar deireadh thiar thall tá sé tar éis filleadh le saothar galánta.


3. Jon Brooks – Autres Direction (Clay Pipe Music)

Bím i gcónaí ag dul ar ais go dtí an t-albam seo.

Fuaim ghlan shéanmhar ainglí nach féidir cur síos air i gceart i bhfocail.

Ceol leictreonach don lá inniu.


4. Golden Teacher – No Luscious Life (Golden Teacher)

Punc func gliondrach don 21ú Aois.

Ná caill an tsár-eisiúint seo, is bí ag faire amach don ngrúpa seo sa bhliain 2018.


5. Ghetto Priest – Every Man For Every Man (Ramrock)

Reggae Briotanach le cur i láthair ó Ghetto Priest a bhainfeadh an anáil díot.

Gaisce déanta ag an bhfear as Ramsgate.

Léirithe ag ardcheannasaí On-U Sound, Adrian Sherwood.