Sár-eisiúintí 2017
Le Seamus Fogarty

Bhronn Seamus Fogarty as Contae Mhaigh Eo ceann d’albaim Éireannacha na bliana orainn i bhfoirm The Curious Hand.

Machnamh iad amhráin an albaim ar an imirce agus cad is ‘baile’ ann. Grá agus aiféala, obair chrua agus síorbhogadh an spailpín.

Rinne Fogarty cur síos do NÓS ar na 5 albam ó 2017 is mó a bhain sé féin sásamh astu, in ord ar bith.


Richard Dawson – Peasant (Weird World)

Fathach de cheoltóir agus cumadóir amhrán, amhráin a shiúlann ar an tanaí idir áilleacht agus ainnise i gcónaí.

Onóir í bheith beo ar an bpláinéad céanna leis an bhfear seo.


Colin Stetson – All This I Do For Glory (52hz)

An áit a mbuailtear Radiohead agus Steve Reich lena chéile, ar an sacsafón – an bhfuil cúis ar bith nach dtaitneodh sin le duine?


Ed Dowie – The Uncle Sold (Lost Map)

Chuirfeadh áilleacht an albaim seo mearbhall ort.

Eisíodh ag tús na bliana é ar Lost Map, lipéad a bhfuil dúil mhór agam ann.

Bhíos gafa leis ón gcéad éisteacht.


Simon Fisher Turner – Giraffe (Editions Mego)

Aoibhinn aisteach – cas an ceann seo ag am dinnéir ar Lá Caille mar ábhar cainte don chomhluadar.


Lankum – Between The Earth and Sky (Rough Trade)

Tá spéis ar leith agam in inneach ceoil, agus tá an fhuaim a chruthaíonn na bocanna seo lena gcuid uirlisí ar an rud is deise.

Ar nós blaincéid de dhéantús Foxford Woolen Mills den chaighdeán is airde, cé nach ligeann sé riamh duit éirí róchompordach.